Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/59

This page has not been proofread.

45

agus é ag smuaíneaḋ ann a ċeann féin air an méad a ċonnairc agus a ċualaiḋ sé, agus ag cuiṁniuġaḋ leis féin an raiḃ luiḃ dáririḃ ag a ḋoras féin do ḃéarfaḋ air ais an ċaint d’inġin an Ríg. “Ni féidir,” ar sé leis féin, “go n-inneósaḋ siad dam é dá mbeiḋeaḋ aon tsuḃáilce ann, aċt b’éidir naċ dtug an tsiḋeoġ aire ḋó féin nuair leig sé an focal do sgiorraḋ amaċ as a ḃeul. Cuairteóċaiḋ me go maiṫ ċoṁ luaṫ agus éireóċaiḋ an ġrian, an ḃfuil aon ṗlannda aċt foṫanáin agus cupóga ag fás le h-ais an tiġe.”

Ċuaiḋ se a ḃaile, agus ċoṁ tuirseaċ agus ḃi sé nior ċodail sé neul no gur éiriġ an ġrian an lá air n-a ṁáraċ, agus d’éiriġ seisean, agus buḋ h-é an ċeud rud a rinne sé, dul amaċ agus cuartuġaḋ go maiṫ ṫríd an ḃfeur ṫart ṫimċioll an tiġe, ag feuċaint an dtiucfaḋ leis aon luiḃ nár aiṫniġ sé d’ḟáġail ; agus go deiṁin ní raiḃ sé a ḃfad ag cuartuġaḋ nuair ṫug sé luiḃ ṁór aisteaċ faoi ḋeara, do ḃi fás suas go díreac le binn an tiġe.

Ċuaiḋ sé anonn ċuige, agus ḃreaṫnuiġ sé go geur air, agus ċonnairc sé go raiḃ seaċt g-craoḃa beaga ag teacṫ amaċ as