47
go deiṁin ḃi blas milis taiṫneamaċ orra Ḃí sé nios dána ann sin agus d’ ól sé lán meuracáin dé, agus ann sin an oiread eile, agus nior sguir sé ḋé go raiḃ leaṫ an ċupáin ólta aige. Ṫuit sé ’nna ċodlaḋ ann sin agus nior ḋúisiġ sé go dti an oiḋċe, agus ḃí tart agus ocaras mór air.
B’éiġin dó fanaṁaint ann sin no gur éiriġ an lá, aċt ċuir sé roiṁe, ċoṁ luaṫ agus ḋúiseóċaḋ sé air maidin, go raċaḋ sé go h-inġean an Riġ agus go dtiúḃraḋ sé deoċ dí de ṡúġ na luiḃe.
Coṁ luaṫ agus d’éiriġ sé air maidin, ċuaiḋ sé anonn go teaċ an t-sagairt leis an diġ ann a láiṁ agus nior ṁoṫaiġ sé é féin ariaṁ ċoṁ gasta, gaisgeaṁail, aigiontaċ, eudtrom, agus do ḃí sé an lá sin; agus ḃí sé fior-ċinnte gurb’ é an deoċ d’ól sé, do rinne ċoṁ tapa agus ċoṁ croiḋeaṁail é.
Nuair ṫáinig sé ċum an tiġe fuair sé an sagart agus an óig-ḃean astiġ, agus ḃí iongantas mór orra cad é an t-áḋḃar naċ dtáinig sé air cuairt ċuca le dá lá.
D’innis sé a sgeul agus a nuaiḋeacṫ dóiḃ, agus duḃairt sé go raiḃ sé cinnte go raiḃ bríġ ṁór annsan luiḃ sin, agus nac ndeun-