48
faḋ sé aon doċar do’n ṁnaoi-uasail, mar d’ḟeuċ sé féin é, agus fuair sé maiṫ as, agus ann sin ċuir sé d’ḟiacaiḃ uirri a ḃlasaḋ, mar ṫug sé a ṁóid agus a ṁionna naċ raiḃ aon urċóid ann. Ṫug an sagart conġnaṁ ḋó, agus eatorra fuair siad buaiḋ air an óg-ṁnaoi agus ṫaisbéan sí go raiḃ sí toilteanaċ le na ól.
Ṡeaċaid Goillís an cupán dí, agus d’ól sí a leaṫ agus ann sin ṫuit sí air a leabuiḋ agus ṫáinig codlaḋ trom uirri agus nior ḋúisiġ sí as an g-codlaḋ sin go dti an lá air n-a ṁáraċ.
Ṡuiḋ Goillís agus an sagart suas an oiḋċe iomlán léiṫe, ag fanaṁaint no go ndúiseóċaḋ sí, agus iad eidir dóṫċas agus éudóṫċas, eidir ṡúil le a slánuġaḋ agus faitċios faoi na gortuġaḋ.
Ḋúisiġ sí air deire nuair ḃí an ġrian imṫiġṫe leaṫ a ḃealaiġ annsan speur. Ċuimil sí a suile agus ḋearc sí mar ḋuine naċ raiḃ ḟios aici cad é an áit a raiḃ sí. Ḃí sí cosṁúil le duine air a raiḃ ionġantas, nuair ċonnairc sí Goillís agus an sagart annsan rúma ceudna léiṫe, agus ṡuiḋ sí suas ag deunaṁ a díṫcill a smuainte do ċruinniuġaḋ le ċéile.