Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/68

This page has not been proofread.

54

agus gaċ lóistín do ġlac siad, ċoideólaḋ seisean annsan tseómra do b’ḟoigse d’á rúma-san, aċt nuair ḃiḋeaḋ siad ag siúḃal, ṡiúḃail seisean le na taoiḃ, agus ġiorraiġ siad an bealaċ ag cóṁráḋ le ċéile, mar naċ raiḃ aon ċaṫaḋ-aimsire eile aca.

Ḃí siad mar sin le tamall fada, no go dtáinig siad go tír fiaḋáin naċ raiḃ mórán tiġṫe ann, agus ṫeip a lón orra.

Ni raiḃ faitċios air biṫ air an óg-ṁnaoi aċt ṡaoil sí go raiḃ sí sáḃálta, agus luiḋ sí sios i lár coille moíre, agus ċuir sí dḟiacaiḃ air Ġoillís a fágḃáil ann sin agus dul ag iarraiḋ biḋ ann áit éigin, mar do ḃí ocaras air an mbeirt aca. Rinne Goillís gaċ rud d’ḟeud sé ḋeunaṁ, le cur i g-céill dí go raiḃ sí i n-áit ḋainseuraiġ, agus naċ raiḃ sé ceart é d’á fágḃáil léiṫe féin, agus duḃairt sé go ḃfanfaḋ sé ’nna láṫair, no go mbeiḋeaḋ sí sásta le sgiṫ agus le codlaḋ, agus go raċaḋ siad le ċéile ann sin ag iarraiḋ bíḋ, no rud éigin le n-iṫe.

An méad a duḃairt sé, ni ṡásóċaḋ sé í, agus mar ḃíonn a m-bealaċ féin ag na mnáiḃ i g- cóṁnuiḋe, ḃí a bealaċ féin aici-sean, agus ṫiomáin sí Goillís uaiṫi, ag cur impiḋe air, imṫeaċt leis féin, agus iarraiḋ rud