Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/71

This page has not been proofread.

57

ḃfuil sé dul. Ċrom sé sios arís agus ċuaiḋ sé ag smeuraċt air fud na g-crann, no go ḃfuair sé an lorg ag dul asteaċ annsan áit buḋ ṫiuġa, agus buḋ ḋuiḃe de’n g-coill, agus lean sé é asteaċ ameasg na gcrann árd, le trí mle no nios mó, no go dtáinig sé go móinḟeur coṫrom, gan ċrann ná sgeaċ ag fás ann, agus ḃí aḃann leaṫan uisge ag riṫ tríd an móinḟeur, agus air an taoiḃ buḋ ḟaide uaiḋ ḋe’n aḃainn, ċonnairc sé pálás mór geal, ċoṁ geal leis an aol, agus ceiṫre tuir ṁóra ag na ceiṫre coirneulaiḃ, agus geata mór árd láidir práis ann, agus ḃí tri fuinneóga ann gaċ tor aca, agus ḃí barraiḋ iarainn trasna air gaċ fuinneóig aca, agus ċualaiḋ sé gul agus caoineaḋ agus osnaḋa teaċt amaċ asta, aċt ḃí sé ro ḟada uaṫa le h-aiṫne creud do ḃí ag caoineaḋ, ar daoine no beaṫaiġ do ḃí ann.

Ni raiḃ sé dá ṁóimid ’nna ṡeasaṁ air ċiúṁas na coille, agus ag dearcaḋ anonn air an g-caisleán, nuair ċualaiḋ sé streaċailt an ġeata práis ’gá ḟosgailt, agus ṫarraing sé air ais annsa’ g-coill ameasg na g-crann arís, i rioċt naċ ḃfeicfiḋe é.

Ċonnairc sé ann sin an faṫaċ buḋ ṁó