Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/74

This page has not been proofread.

60

sé dá dtiucfaḋ leis rópa ḋeunaṁ de ċairt na g-crann, go dtiucfaḋ leis an mnaoi ḃoiċt teaċt anuas le na ċonġnaṁ. An móimid a ṫáinig an smuaíneaḋ sin ann a ċeann, ṫosaiġ sé ag oibriuġaḋ, agus ċuaiḋ sí do’n ċrann do b’ḟoigse ḋó, agus ḃain sé sliosóg ḟada de’n ċairt dé, agus ḃí an ċáirt sin roiġin agus láidir. Ċas sé agus ḋúbail sé í, agus rinne sé srang ṫiuġ ḋí, agus ċroċ sé as ġeugán crainn í, agus nuair fuair sé gur iomċair sí a ṫroime féin, ḃí lúṫġáire ṁór air.

Nior sguir sé no go raiḃ teud fada garḃ deunta aige, agus ḃí sé dá ċruṫuġaḋ ag féuċaint an raiḃ sé láidir go leór le meaḋaċan inġine an Riġ d’iomċar, agus nuair ḃí sé réiḋ deunta aige d’ḟan se air bruiṫ le mi-ṡuaiṁneas no go dtáinig an oiḋċe, agus nuair ṫáinig sí coṁ luaṫ agus ḃí an ċoill agus an caisleán agus uile rud socair agus ciuin, d’ḟág sé fosgaḋ na g-crann agus ċuaiḋ sé amaċ trasna an ṁoinḟéir agús ṫar an aḃainn, no go dtáinig sé go dti an caisleán.

Ṡeas sé faoi an tor ann a ḃfaca sé an ḃean óg, agus ṫosaiġ sé ag feadaoil an ṗuirt ċeudna go socair sáiṁ, agus nior