61
ḃ’ḟada é gur ċualaiḋ sé fead beag caol eile ’gá ḟreagraḋ. Ċogair sé le guṫ ċaol ḃeag, “ṫug me rópa liom, dá ḃfeudfá a ṫarraing suas ċugad as so?” agus d’ḟreagair glór na mná óige, “ni ṫig liom.” Ḃi sé i rioċt coṁ dona agus ḃí sé ariaṁ anois, agus nior ḟeud sé ċuiṁniuġaḋ air aon tsliġe le na ċur suas ċuici.
Ṡaoil sé air deire, dá dtiucfaḋ léiṫe srang ḃeag do ḋeunaṁ dá h-eudaiġiḃ féin agus a leigint sios ċuige, agus ceann a rópa-san do ċeangailt as, go ḃfeudfaḋ sise a ṫarraing suas arís léiṫe, d’ḟiafruiġ sé go ciúin dí an ḃfeudfaḋ sí sin a ḋeunaṁ, agus duḃairt síse go ndeunfaḋ sí a diṫċioll.
Ḃain sí a gúna ḋí féin, agus strác sí i ngiotaiḃ caola é, agus ċuir sí snaiḋm orra, agus rinne sí sórt córda ḋioḃ, agus ḃí sí ’gá leigint amaċ roimpi i g-cóṁnuiḋe i g-cóṁnuiḋe no go rug Goillís air, faoi ḋeire, agus ċeangail sé a rópa láidir féin as, agus duḃairt se “tarraing leat.” Ṫarraing síse, agus nior ḃ’fada go raiḃ an rópa ann a láiṁ féin. Ḋearc sí ’nna timċioll ann sin, annsan rúma beag cúṁang ann a raiḃ sí druidte suas, le fáġail amaċ rud