Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/76

This page has not been proofread.

62

éigin d’á g-ceangólaḋ sí an rópa. Ḃi fáinne ṁeirgeaċ iarainn daingniġṫe annsan mballa, agus buḋ leis sin ċeangail sí é. Ḃi beag-naċ dá ḟiċid troiġe le teaċt anuas aici, aċt ḃí sí misneaṁail agus eudtrom, agus ḃí an faitċios ’gá tiomaint. Ġlac sí an rópa ann a dá láiṁ agus ċroċ sí í féin as an ḃfuinneóig, agus ṫosaig sí ag sleaṁnuġaḋ sios. Ċuaiḋ sí go mall i dtosaċ, aċt nuair ḃí sí teaċt anaice leis an talaṁ ḃí a meaḋaċan féin gá tarraing, agus ni raiḃ si láidir a sáiṫ le greim daingion do ċongḃáil air an rópa agus riṫ sé coṁ luaṫ sin ṫrid a meuraiḃ go raiḃ siad gearrṫa agus gortaiġte leis, agus an croicionn bog bán bainte d’á láṁaiḃ. Ṫuit sí ’na h-uallaċ trom air an talaṁ, agus ḃí sí beag-naċ gan ṁeaṁair, aċt ṫóg Goillís suas í agus cuir sé air a ṁuin í, agus riṫ sé léiṫe, ṫar an aḃainn amaċ agus trasna an ṁoinḟéir, agus asteaċ annsa g-coill arís a’s nior sguir sé de’n riṫ sin, aċt d’iomċair sé í coṁ fada asteaċ ameasg na g-crann agus d’ḟeud sé.

Nuair ḃí sé saruiġṫe air fad, leig sé sios air ḟód glas féir í, agus leig sé a sgiṫ.