65
aca. Ċuir sé cluas ġeur air féin, agus ċualaiḋ sé air deire mar duḃairt an ṁáṫair “is air éigin ṫiucfaḋ leis ḃeiṫ annso roiṁe éiriġe an laé,” agus d’ḟreagair an inġean, “tá’n t-Iṫeadóir luaṫ.”
“Maiseaḋ, marḃfáisg orra!” ar Goillís ann a ċroiḋe féin, “cia h-é an t-Iṫeadóir, no cad é? agus cad ċuige ḃfuil sé ag teaċt annso? Míle mallacṫ orra! na sean-ċailleaċa gránna! tá faitċios orm rómpa.”
Duḃairt an ṁáṫair arís, “imṫiġ leat anois, agus fill leis ċoṁ luaṫ agus is féidir leat,” agus d’éiriġ an inġean ġránna agus ċaiṫ sí falluing uirri agus d’ḟág sí an teaċ.
Má ḃ faitċios air Ġoillís boċt roiṁe sin, buḋ seaċt mó é nuair d’ḟan sé le leaṫ-uair agus naċ ḃfaca sé í ag teaċt air a h-ais. Ḃuail sé é mar ḃuille tinntiġ gur b’ag iarraiḋ an ḟaṫaiġ ṁóir do ḃí sí, le na ṫaḃairt sios orra, agus le na marḃaḋ; agus mar smuaín sé air sin do ḃris an t-allas fuar amaċ air a ṁala agus a éudan. “Má ḟanamaoid ann so go dti an ṁaidin támaoid caillte,” ar sé, leis féin; “má tá aon t-súl air biṫ aguinn le teaċt saor caiṫfimíd an teaċ d’ḟágḃáil air an mball so.”