Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/81

This page has not been proofread.

67

ort a ṡean-ċailleaċ na bpisreóg,” ġlaoḋ sé, “an measann tu go dtig leat mo ṁeallaḋ-sa, innis dam an móimid so cá ḃfuil d’inġean no bainfiḋ mé do ṁuineul gránna ḋiot d’aon ḟásgaḋ.” Do sgread an ċailleaċ, agus ṫroid sí agus ṫuit sí ag strapaireaċt air an urlár, aċt ḃí a láṁ aige air a piobán agus nior sgaoil sé a ġreim, “innis dam cá ḃḟuil d’inġean, a ḃean gan ṁaiṫ gan náire,” ar sé, “no taċtfaiḋ mé ṫu.” “Naċ leigfiḋ tu ḋam laḃairt,” ar síse, air éigin, “agus inneósaiḋ mé rud air biṫ ḋuit.” Sgaoil Goillís a ġreim annsin, aċt nior ḟág sé amaċ-’s-amaċ í. “Abair leat,” ar sé, “agus muna gniḋ tu faoistin ḟior dam tá an Bás i ndán duit anoċt.” “Ċuaiḋ sí ċum an tobair le tarraing uisge le bruiṫ mine le ḃur n-aġaiḋ-se amáraċ,” ar san ċailleaċ, “agus cad é an sórt cúitiġṫe é sin air mo ċineáltas duit-se nuair ṫug me leabuiḋ, dídion, agus biaḋ ḋaoiḃ, agus is é an buiḋeaċas a fuair mé go ḃfuil mé beag-naċ taċta agad.”

“Basgaḋ ort! ṫug tu d’éiṫeaċ,” Ġlaoḋ Goillís, “dá mbuḋ ċum an tobair do ḃeiḋeaḋ sí ag imṫeaċt ġlacfaḋ sí soiṫeaċ no canna léiṫe agus ni raiḃ ann a láiṁ aċt bata