Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/83

This page has not been proofread.

69

dtosaċ ni raiḃ aṁrus air biṫ aige anois naċ raiḃ an ċailleaċ ag imirt feille orra, agus d’innis sé an t-iomlán i g-cúpla focal do’n ṁnaoi óig, agus duḃairt sé go mbuḋ h-í a ċóṁairle-sean an ċailleaċ do ċeangailt le córda air eagla go leanfaḋ sí iad no go ndeunfaḋ sí doċar air biṫ ḋoiḃ, agus an teaċ d’ḟágḃáil air an móimid sin. “Is agad- sa tá an fios is fearr,” arsan ḃain-ṗrionnsa, “agus deunfaiḋ mise rud air biṫ a ḋéarfas tu liom.”

“Feicim rópa ann sin annsa’ g-clúid,” ar Goillís, “agus seaċaid dam é.” Ṡeaċaid sise an rópa ḋó. Ċeangail sé láṁa na cailliġe an taoḃ ṡiar dí air a druim, agus dḟáisg sé a cosa le ċéile, agus leag sé air a druim air an urlár í, i rioċt naċ dtiucfaḋ léiṫe corruġaḋ, agus ann sin d’ḟág siad an teaċ ’r éis a bpócaiḋ do lionaḋ leis an mbeagán aráin duiḃ do ḃí ann.

Ḃí an oiḋċe dorċa, agus ní raiḃ ḟios aca cad é an bealaċ do b’ḟeárr dóiḃ dul, aċt ḃí an oiread sin d’ḟaitċios orra gur buḋ ċuma leó sin, ḃí siad sásta an teaċ mallaiġṫe sin d’ḟágḃáil ’nn a ndiaiġ, agus rinne siad an oiread deifre agus d’ḟeud siad annsan oiḋċe, ag briseaḋ bóṫair