Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/84

This page has not been proofread.

70

dóiḃ féin ameasg na g-crann agus na sgeaċ.

Ṫáinig an ġealaċ amaċ faoi ḋeire go geal, agus fuair siad go raiḃ siad i réiḋteaċ mór lán de ċoilltiḃ beaga crann, agus de ċrannaiḃ móra ag fás leó féin, agus ḃí an feur fada agus tiuġ ann. ni raiḃ ḟios aca cad é an rud b’ḟearr dóiḃ a ḋeunaṁ anois, ná an bóṫar b’ḟearr dóiḃ a leanaṁaint, agus mar sin rinne siad cóṁairle eatorra féin go mbeiḋeaḋ sé coṁ maiṫ dóiḃ fanaṁaint mar ḃí siad go dti an ṁaidin, agus ann sin b’éidir go dtiucfaḋ leó casán buailte, no bóṫar éigin d’ḟáġail, do ḃéarfaḋ amaċ iad go tír a raiḃ daoine ann, arís.

Duḃairt Goillís go mbuḋ ḟeárr dóiḃ dul suas i g-crann air eagla go ḃfeicfiḋe iad, no go ndeunfaḋ beiṫeaċ no aon rud eile doċar no anaċain dóiḃ dá ḃfanfaḋ siad mar do ḃí siad, agus ḃí Inġean-an-Riġ réiḋ le dul áit air biṫ buḋ ṁian leisean, mar buḋ aige-sion do ḃí an ċóṁairle do b’ḟeárr, o’n lá d’ḟág siad an baile, agus ḃí sí-se fóġlaim taoḃ ṁór do ṫaḃairt dó, agus go mór-ṁór anois, o ċuaiḋ sí coṁ fogus sin do ḃeit caillte mar ġeall air a h-amadántaċt féin, nuair nár éist sí leis, an