Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/86

This page has not been proofread.

72

air a n-aġaiḋ rómpa, agus ḃí siad gan ṁall imṫiġṫe as a raḋarc.

“’Nois,” ar Goillís, “naċ raiḃ an t-áġ orrainn dul suas annsa’ gcrann,” agus d’ḟreagair an ṁaiġdion, “is anaṁ naċ mbíonn an t-áġ air an rud a ċuireann tusa róṁad,” agus ḃí luṫġáir air Ġoillís ann sin, mar buḋ hé sin an ċeud ṁolaḋ a ṫug sí ariaṁ dó.

Ḃi siad eidir dá ċóṁairle ann sin, fanaṁaint annsan áit a raiḃ siad go dti an ṁaidin, no teaċt anuas agus riṫ leo an taoḃ do b’ḟaide ó’n taoiḃ a ċuaiḋ an faṫaċ. Ḃí an oiread faitċis orra go dtiucfaḋ sé air a ais an bealaċ ceuḋna, gur ṡaoil siad go mbuḋ ḟearr dóiḃ teaċt anuas, agus leanaṁaint d’á siúḃal. Rinne siad sin, agus nior sguir siad dá g-coisiġeaċt coṁ luaṫ agus ḃí ionnta siúḃal, no gur éiriġ an ġrian agus fuair siad iad féin air ḃruaċ na coille móire.

Cúpla míle eile agus ḃí siad amuiġ annsna maċairiḃ féir arís, agus ċonnairc siad tiġṫe, aċt nior ċreid siad go raiḃ siad go ceart saḃálta no gur ḟág siad an ċoill ṁór ḋuḃ mílte agus mílte air a g-cúl. Ṫáinig siad go teaċ-ósta faoi ḋeire, agus ċaiṫ siad an