Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/91

This page has not been proofread.

77

Fraince atá siḃ ag dul air an mbóṫar so,” ar sé, “béarfaiḋ an bóṫar so go h-oileán na ḃfaṫaċ siḃ, agus is olc an áit do ḋuine air biṫ, í sin, muna ḃfuil duine muinntireaċ aige ’nna measg.” Ḃi sgannrad orra nuair ċualaiḋ siad sin, agus duḃairt siad leis gur ċualaiḋ siad óna daoiniḃ dár ḟiafruiġ siad an t-eólas gurb’ é sin an bealaċ buḋ ḟoigse. “Cá ḟad ó d’ḟiaḟruig siḃ sin d’aon ḋuine?” ar fear na déirce. “Faoi ṫuairm dá uair o ṡoin,” ar Goillís. “O! is furas ṫuigsint go ndeacuiġ siḃ air seaċrán, mar sin,” ar san sean-fear, “ḃí siḃ annsa’ mbóṫar díreaċ air maidin, aċt nior ṫug sib faoi deara an aít ann a mbuailtear an bóṫar ċum na Fraince air an mbóṫar eile seó, a ḃéarfaḋ go tír-na-ḃfaṫaċ siḃ; má iompaiġiḋ siḃ liom-sa anois, cuirfid mé air an g-cosán ceart siḃ, mar tá mé feín dul ċum na Fraince, agus ní’l aċt aistear leaṫuaire air ais arís go mbéiḋ siḃ air an mbóṫar sin.” Ċreid siad-san é, agus ṫionntaiġ siad air ais arís leis, agus ’réis siúḃail air feaḋ leaṫ-uaire no mar sin, ṫáinig siad go deiṁin go h-áit ann a raiḃ cosán, no boíṫ- sín beag ag teaċt amaċ as an mbóṫar mór, agus as dul asteaċ ameasg na g-cnoc.