Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/95

This page has not been proofread.

81

Goillís agus an ḃean óg asteaċ leó agus sgaoil siad iad.

Ṡeas Goillís air a ċosaiḃ arís, agus ḋearc sé ’nna ṫimcioll, agus buḋ léar do air an mball gur ann ait-cómnuiḋe robáiliḋe do Bḃí sé. Ṫug sé faoi deara ór agus airgiod, síoda agus sról, plátaiḋ luaċṁara, cloċa uaisle, agus mórán ruda breáġa eile cruinniġṫe le ċéile no caiṫte air air an urlár agus ḃí ḟios aige go raiḃ siad uile goidte leis na robáiliḃ.

Nuair ċonnairc an Caiptín é ag dearcaḋ ’nna ṫimcioll, ḃuail sé dorn air agus duḃairt sé “An measaiḋ tu naċ go macánta ṫáinig na ruda sin ann so? Má ċreidiḋ tu sin ni’l tu ceart. Ċruinniġ mé féin agus mo ċomráidiḋ iad, agus troiġ as an uaiġ seó ni raċaiḋ tusa ná an ḃean so tá leat go n-iocfaiḋ tu míle púnta sios dam. Má gníḋ tu sin sgaoilfiḋ mé ṫusa, aċt dar mo láiṁ measaim go ndeunfaiḋ me bean dam féin ded’ ṁnaoi-se.”

Ḃí sé ag caint fós nuair ṫáinig duine ag ríṫ, agus ġlaoḋ sé air an g-caiptín. Ċuaiḋ an caiptín anonn ċuige, agus ċogair an fear rud éigin ann a ċluais. Leig an caip- tín fead, agus ċruinniġ sé a ḟir ’nna ṫim-