Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/96

This page has not been proofread.

82

ċioll agus ḃí sé dul amaċ as an uaiġ, nuair ṫionntaiġ sé go h-obann, agus duḃairt sé, “ḃí mé deunaṁ dearmaid, caiṫfimíd an ḃeirt seó ċeangailt go maiṫ i dtosaċ, air eagla go n-imṫeóċaḋ siad,” agus air an móimid leag siad Goillís arís agus ċean- gail siad a láṁa agus a ċosa go dlúṫ le ċéile, agus rinne siad an rud ceudna leis an óg-ṁnaoi. D’ḟág siad an uaiġ ann sin. D’ḟan Goillís agus inġean an riġ ’nna luiḋe air an talaṁ, ceangailte go caol cruaiḋ agus níor ḟeud siad corruġaḋ. Ṫosaiġ síse ag gol, agus do rinne seisean a ḋíṫċioll le na brostuġaḋ suas agus le meis- neaċ do ċur innti, aċt ni raiḃ aon ṁait ḋó ann, agus lean sí dá claṁsán.

Rinne sé a ḋíṫcioll feín le seasaṁ suas agus faoi ḋeire rinne sé sin le conġnaṁ na h-óg-mná, aċt nior ḟeud sise seasaṁ air aon ċor.

Ċuir sé a ḋruim i n-aiġaiḋ an ḃalla, agus ṫoisiġ sé ag smuaíneaḋ creud do buḋ ċóir do ḋeunaṁ annsan g-cruaḋ-ċás ann a raiḃ sé. ni raiḃ sé a ḃfad air an g-cuma sin no gur ċualaiḋ sé toran taoḃ leis, mar do ḃeiḋeaḋ rud éigin ag sgríopaḋ. Ḋearc sé ’nna ṫimċioll, agus ṫug sé faoi deara