Page:Mac-ghníomhartha Bhriain - Ua Concheanainn.djvu/11

This page has been proofread.

7

“Ḃíos ag fiaḋaċ go cinnte,” arsa Brian.

“Cá ḃfuil na fir ṫréana calma de Ḋál Cais a ṫug mé ḋuit le ḃeiṫ mar ċuideaċta agat mar baḋ ċóir ⁊ baḋ ċeart do ṁac ríoġ?”

“D’ḟág mé,” adeir Brian, “cuid aca ag an gCreig Léiṫ, ⁊ cuid aca ar imioll-ḃorda na Forġusa, cuid eile aca i n-aice Ċoille Loċa Deirgḋeirc, ⁊ mórán eile imeasg carraigreaca na mBúrnán.”

“A Ḃriain mo ċroiḋe, cia’n t-am a dtiocfaiḋ siad ṫar n-ais ċugainn?”

“Tá mé ċoṁ cinnte is tá an ġrian ins an spéir naċ ḃfuil aon ḃaoġal orṫa teaċt ar n-ais go bráṫ, mar tá siad caillte go léir aċt ċúig ḟeara déag ⁊ mé féin.”

D’éiriġ na daoine ’n-a seasaṁ ⁊ ṫosuiġeadar ag caoineaḋ ⁊ ag caoi ⁊ ag géar-ġol mar ġeall ar ḃás a gcuid cloinne, ⁊ d’ḟiafruiġeadar ḋe cé an tímpisne d’éiriġ ḋóiḃ.

“Ná bígiḋ ag gol ná ag buaiḋreaḋ,” adeir Brian. “Ní raiḃ aon ṁac máṫar aca nár ṁarḃ cúigear nó níos mó de na Loċlannaiġ sul ċuadar féin go sliġe na fírinne. Baḋ ceart go sásóċaḋ sé sin siḃ. Ní girrḟiaḋċa ná coiníní ná madraí allta a ḃíomar a ḟiaḋaċ ó ṡoin aċt sluaġ na n-allṁuraċ. Níor ṫugamar sgíṫ ná suan dóiḃ d’oiḋċe ná de ló, ’san mbaile ná ins na coilltiḃ, aċt i gcoṁnuiḋe d’á dtreasgairt ⁊ d’á marḃaḋ. “Sílim,” arsa Brian, “le congnaṁ Dé, gur féidir linn iad a ḋíbirt amaċ as dúiṫċíḃ Ḋáil Ċais, ⁊ b’ḟéidir i n-a ḋiaiḋ sin amaċ as Éirinn ar fad.”

Suas leis na gaisgiḋiġ ḃí i láṫair i n-a seasaṁ ag blaiḋriuṁaċ ⁊ ag béiciuṁaċ ċoṁ árd is ḃí sé i n-a gceann, ⁊ ag taḃairt árd-ṁolaḋ do Ḃrian mar ġeall ar a ṫréineaċt, a ċróḋaċt ⁊ a ċalmaċt. Ċonnaic Maṫġaṁain go raiḃ níos mó measa ⁊ molaḋ ḋá ṫaḃairt do Ḃrian ’ná ḋó féin. Ċuir sé a ċuid feirge ⁊ a ċuid éada i dtaisge, pé sgéal é, ⁊ ṫosuiġ sé féin ag molaḋ Ḃriain mar an gcéadna.

“Seo obair ṁór atá déanta agat, a Ḃriain ó Ḃanba,” adeir an rí. “Luaċ saoṫair ar biṫ atá uait, beiṫiḋiġ nó talaṁ, cuaċa airgid agus óir, ġeoḃaiḋ tú iad agus fáilte, aċt ainm a ċur orṫa. Tóg do roġain.”

“Ní ṫeastuiġeann dada aca uaim. Fir ṫroda atá uaim,” arsa Brian calma. “Teastuiġeann an ċuid is tréine de na gaisgiḋiġ uaim le teaċt liom go gcuirimid deireaḋ ⁊ críoċ leis an gcaṫ a ṫosuiġeas.”