Page:Mac-ghníomhartha Bhriain - Ua Concheanainn.djvu/8

This page has been proofread.

4

a ċuid ba ná an oiread is uiḃeaċa aon ċirce aṁáin ṫaḃairt mar ḃronntanas nó mar ṁuinntireas do ṡean-ḟear ná do ḋuine boċt breoiḋte, aċt b’éigin dó iad a ċongḃáil do’n stíoḃard allṁuraċ. Siúd is naċ mbéaḋ ins an teaċ aċt aon ḃó ḃainne aṁáin, ní ḟéadfaiḋe í ċrúḋ do’n naoiḋeanán naċ mbéaḋ aċt aon oiḋċe aṁáin d’aois, ná do ḋuine ṫinn, aċt ċaiṫfiḋe iad a ċongḃáil le haġaiḋ fear bailiġṫe na cána ⁊ na saiġdiuirí allṁuraċa. Agus na fir óga buḋ oireaṁnaiġe, ċaiṫidís dul ar ḃord a gcuid loingis gan an oiread is feoirling páiḋe, ⁊ iad féin a ḃeaṫuġaḋ ’san am céadna ċoṁ ṁaiṫ is dá mbeidís ’san mbaile, agus ḃí cáin airgid le n-íoc ċoṁ maiṫ céadna.”

Seo í an ḟírinne ‘dtaoḃ tíorántaċt’ na Loclannaċ. Feicṫear ḋom-sa gur cosaṁail leis an bpionús céadna ḃíoḋ na daoine boċta ḟáġáil ó na tiġearnaíḃ talṁan tá sgaṫaṁ gearr aimsire ó ṡoin ann agus leis an tíorántaċt ċéadna tá siad ḟulaingt ó na Sasanaiġ anois féin ’san am atá i láṫair.

Ní ḟeicimíd an t-allṁuraċ ag teaċt ag bailiuġaḋ na cána, aċt tá sé ḋ’á ġoid uainn ins gaċ punnt tae ⁊ ónsa tobac a ċeannóċas sinn.

Aċt caiṫfimíd cosg ⁊ stopainn a ċur leis faoi ḋeireaḋ. Ná leigimís dóiḃ ḃeiṫ ag goid ár gcuid maoine ⁊ a ḃfuil againn níos fuide.

Tráċtfad anois ar aimsir na Loċlannaċ.

Ḃí treiḃ ṁór do na Gaeḋil an t-am sin ’san áit a dtugtar Conndae an Ċláir anois air. Ó Cinnéide ḃí mar rí orra. Ḃí mórán clann ṁac aige, ⁊, tar éis é d’ḟaġáil ḃáis, buḋ é an mac dar ḃ’ainm Maṫġaṁain fuair ḃeiṫ ’n-a ríġ.

Ṫroid Ó Cinnéide ⁊ gaċ duine d’á ṁuinntir a ṫáinig roiṁe go dian ⁊ go dána i n-aġaiḋ na Loċlannaċ. Ḃí Maṫġaṁain tuirseaċ ag troid. Duḃairt sé leis féin: “Ta na daoine seo socruiġṫe síos anois i n-ár measg. Ní aon ṁaiṫ ḋúinn ḃeiṫ ag troid leó. Is aṁlaiḋ ḋéanfas siad sinn a ṁarḃaḋ gaċ uile ḋuine againn, ⁊ b’ḟéidir go marḃóċaidís mé féin. Béiḋ mé síoṫċánta ⁊ muinntreaċ leó ⁊ leigfiḋ mé ḋóiḃ a gcuid cána ⁊ cíosa a ṫógaint, ⁊ nuair ḃeiḋmid muinntreaċ le n-a ċeile, iarrfaiḋ mé orra ḃeiṫ níos macánta ⁊ níos síḃialta leis na hÉireannaċa boċta.”

Ḃí sóġ breaġ ag Maṫġaṁain ’n-a ṗálás i gCeann Coraḋ tar éis an méid sin cainte leigean as. Ḃí sé ag éirġe ċum saiḋḃris ó lá go lá, mar ḃí na Loċlannaiġ ag cur