Page:Mo sgeal fein.djvu/109

This page has been proofread.

dul amach ’n-a sagartaibh críochnuighthe bhíodh na cnámha lom go maith acu go léir, go mór mór ag an gcuid acu do tógadh ar an dtuath. An chuid acu do tógadh ins na sráideanaibh nó ins na bailtibh móra, ní ghoilleadh an áit istigh chómh mór i n-aon chor ortha. Ní bhíodh an neart ionta, ó thosach, a bhíodh ins na fearaibh óga a thagadh ó’n dtuath, ach an méid nirt a bhíodh acu do choimeádaidís é i gcaitheamh na h-aimsire. Bhídís lag, neambrígheach, i gcomparáid le buachaillíbh na tuatha, ar dtúis; ach ag déanamh amach ar dheire na h-aimsire bhídís-sin ar an gcuma gcéadna nách mór, agus bhíodh an t-anam sladaithe, nó geall leis, as an mbuachaill a tháinig isteach ó’n dtuath.

Thagadh buachaillí ana chalma isteach ann ó Chontae Thiobraid Áran. Is cuimhin liom buachaill a tháinig isteach an bhliain chéadna a chuas féin isteach. Bhí sé os cionn sé troighthe ar aoírde, agus bhí sé chómh cúmtha chómh córach san ’n-a dhéanamh gur bhreagh liom bheith ag féachaint air agus é ag siúbhal i n-aonfheacht le n-a chomrádaithib. Bhíodar go léir árd go maith, deaghchúmtha go maith, ach do mheasainn go mbíodh a cheann agus leath a mhuiníl suas glan os a gcionn go léir. Bhí neart uathbhásach ann. Bhí sé féin agus triúr eile buachaillí lá ag imirt chluiche le liathróid láimhe. Bhí ainim an nirt go léir air. Thug an triúr eile cogar d’á chéile go mbéarfaidís i dtriúr air agus go leagfaidís é. Bhíos féin ag féachaint air an imirt. Ní raibh puínn maitheasa riamh ionam chun aon chluichí gleacaidheachta de’n tsórd san. Ba ghearr go bhfeaca an triúr ag breith isteach ar an aoinne amháin. Bhí a lámha tímpal an chuím air ag beirt acu, agus bhí greim ar ghlúinibh air ag an dtrímhadh duine. Do lúb an fear láidir a ghlúinibh, agus do leig sé síos é féin go dtí go