gclisteacht agus i gcumas ar an mBéarla. Cad fhéadfadh aoinne amháin a dhéanamh?
I ndiaigh chéile do mhaoluigh an díogras ionam agus thugas aghaidh ar na gnóthaíbh a bhain le h-obair an Choláisde i mBéarla agus i Laidin agus sa bhFrainncis. Do leanas, ámhthach, ar mo Choróinn Mhuire do rádh as Gaeluinn nuair a bhínn ag dul a chodla. Do sgríbhinn síos am’ leabhar sgríbhinne, anois agus airís, blúire beag Gaeluinne nuair a bhuaileadh sé umam. Is cuimhin liom conus mar a bhíos lá ag féachaint ar leabhar Gaeluinne sa leabharlann. Chonac ar chiúmhais leathanaigh ann an dán beag so:—
- “A choluim an cheóil bhrónaigh sa ndún dubh thall,
- Is doilbh an róimh nósmhar san fút go fann.
- Tulach Uí Róig mhórdha na múrtha meann
- Gan choire, gan spórt seólta, gan lúbadh lann!”
Thuigeas gur b’ amhlaidh a bhí an file ag féachaint uaidh ar sheana chaisleán bhriste éigin, agus go bhfeacaidh sé colúr ’n-a sheasamh anáirde ar bhara an tseana chaisleáin agus “Cú-ú! cú-ú!” aige, agus gur bheartuigh an file i n’ aigne an colúr san a bheith “ag éigheamh ’s ag osnadhal,” ag caoineadh na h-uaisleachta a bhí ar an gcaisleán san sar ar deineadh seana chaisleán briste dhé. Ní raibh aon tuairisg sa leabhar, ná ar chiúmhais an leabhair, ar cad é an caisleán é ná ar cá raibh sé. Bhíos féin ’á chuimhneamh go mb’ fhéidir gur “Tulach Uí Ruairc” ba cheart a bheith sa dán agus gur bh’ ar sheana chaisleán éigin le Brian na Múrtha do chonaic an file an colúr.
Nuair a bhí sé ag dul ’n-a luíghe ar m’ aigne ná raibh ach cailleamhaint aimsire dhom ann, bheith ag casadh