ar bhior os cómhair na teine go bhfaighfí Éireanach eile do chasfadh an bior.” Is fíor é, b’féidir. Ach tá rud eile chómh fíor leis. Dá gcurtí duine de mhuíntir Shasana ar bhior os cómhair teine do gheóbhfaí duine eile acu do chasfadh an bior. Dá gcurtí Spáinneach, nó Almáinneach, nó Franncach, nó duine ó aon náisiún eile sa domhan, ar bhior os cómhair teine do gheóbhfaí duine eile de’n náisiún céadna, ní h-eadh ach beirt, triúr, ceathrar, do chasfadh an bior. Tá maoidheamh ana mhór d’á dhéanamh le breis agus céad blian as an gcuma ’n-ar throid muíntir America i gcoinnibh Shasana agus as an gcuma ’n-ar bhuadhdar ortha, agus as an gcuma ’n-ar chaitheadar díobh smacht Shasana. Léigheadh aoinne tuairisg an troda san agus chífidh sé go soiléir nách fiú trácht ar an bhfeallaire Éireanach seachas na feallairí a bhí tímpal ar Washington gach aon ré sholuis, ag dul isteach ’n-a bhéal le dílse dhó, mar ’dh eadh, agus sa n-am gcéadna na breabana móra ’n-a bpócaíbh acu ar é thabhairt suas, beó nó marbh, do chómhacht Shasana. Dá ndeintí comórtas idir na tíorthaibh isé mo thuairim láidir go bhfaighfí níos mó daoine dílse ar Ghaedhlaibh ’ná mar a gheóbhfí i náisiúnaibh eile, agus níos lúgha ropairí. Ní ró mhór an sásamh aigne é sin, ámh, agus go bhféadfadh aon ropaire amháin, go mór mór dá mbéadh iontaoibh as agus eólus aige ar na neithibh bunaidh, ná mílte do chrochadh agus a saothar do chur ar neamhnídh.
Nuair a chonaic na Phœnixmen an rud a dhein Ó Súilliobháin Gallda leó do shocaruigheadar a n-aigne ar an gcluiche d’imirt feasta ar chuma ná fágfadh ar chumas Shúilliobháin Ghallda eile an feall san do dhéanamh ortha. D’atharuigheadar a n-ainim, leis. Thugadar Fíníní ortha féin. Chuadar siar go h-aimsir