ach níor tháinig fear na cathaoireach. Níor féadadh aon obair a dhéanamh an lá san. Siúd isteach sa sgoil chúgham-sa an bhuidhean go léir tar éis na h-oídhche thuitim. Do shuigheadar isteach ins na suidhchánaibh mar a shuigheadh na buachaillí i gcaitheamh an lae. Do labhair duine acu.
“Tá nídh againn le h-iaraidh ort, a Athair,” ar seisean, “agus tá súil againn ná tógfair orainn é, agus ná h-eiteóchair sinn.”
“Tá go maith,” arsa mise. “Cad tá uaibh?”
“Ní’l aon fhear cathaoireach againn,” ar seisean. “Ar bh’ é do thoil-se, a Athair, teacht agus bheith ad’ fhear cathaoireach againn?”
“Ach! mura bhfuil uaibh ach an méid sin,” arsa mise, “ní deacair sibh a shásamh. Mheasas gur rud éigin ana mhór a bhí uaibh. Tiocfad agus fáilte,” arsa mise. “Cathain a bheidh an chéad chruinniughadh eile agaibh?”
“Ba mhaith linn é bheith againn amáireach ar a sé ’chlog um thráthnóna, i dtreó ná beifeá ag obair sa sgoil le n-a linn,” ar seisean.
“Tá go maith,” arsa mise. “Béad-sa agaibh ar a sé ’chlog um thráthnóna amáireach, le congnamh Dé.”
Chuas go dtí an seómra ar a sé ’chlog um thráthnóna amáireach a bhí chúghainn. Dheineamair ár ngnó go breagh réidh socair. Níor tháinig “peeler” ná saighdiúir chúghainn. Níor tháinig a thuille tuairisge chúghainn ó Thráigh Lí. Do ghluais an obair ar fuaid na tíre, na feirmeóirí ag dul ’n-a mbuidhnibh i n-aonfheacht ag éileamh na locáistí, agus na locáistí acu d’á fhághail tar éis aighnis, agus misneach na ndaoine ag borradh agus ag neartughadh i n-aghaidh an lae.
Ní raibh aon bháidh, ámhthach, ag an sagart paróiste