an dúthaigh d’fhágáilt ag coigcríoch éigin iasachta. Thánadar andeas go Baile Mhúirne. Do phós duine acu bean de mhuíntir Dhuinnín a bhí ’n‑a cómhnuighe ar na h‑Ollánaibh, agus d’fhan sé ansan. Do réir mar a h‑innseadh dom dob’ é sin Conchubhar. Chuaidh Diarmuid soir go h‑áit ar a dtugtí Caraig na Madraí, agus chuir sé fé ann. Tamall ’n‑a dhiaigh san do chuaidh duine de shliocht Chonchubhair ó-thuaidh go Dúth’ Alla, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe ar an Mullach Ruadh, cheithre mhíle ar an dtaobh thuaidh de Shráid an Mhuilinn, i n‑aice Chuilinn Uí Chaoimh. Do phós sé sin bean ar a dtugtí Aoibhlín an Réidhleáin. Is dóic liom gur de mhuíntir Cheallacháin gur bh’ eadh í. Bhí mac acu san agus Conchubhar ab ainim dó, agus fear ana chiallmhar, ana stuamdha, ab eadh é. Do phós sé bean de mhuíntir Icídhe, inghean do Thadhg ua h‑Icídhe, Tadhg mhac Aindriais, a bhí ’n‑a chómhnuighe thiar ar an Athán, ar bruach Abhan Móire. Neill ní Taidhg a tugtí ar an inghín. Bhí lán tíghe de chlainn acu. Siobhán ab ainim do dhuine des na h‑ingheanaibh.
Bhí Diarmuid, fé mar a h‑innseadh dom, ’n‑a chómhnuighe ar Charaig na Madraí. Bhí mac aige sin agus Conchubhar ab ainim dó. Nuair a bhí an Conchubhar san pósta agus ag déanamh dó féin, bhí buachaill aimsire aige, agus Conchubhar ab ainim do’n bhuachaill, leis, agus de mhuíntir Laoghaire ab eadh é, agus d’á dheasgaibh sin, “Conchubhar Máighistir” agus “Conchubhar Buachaill” a tugtí ar an mbeirt. Bhí clann ag an gConchubhar Máighistir sin, ach chómh tiugh agus a thagaidís do gheibhdís bás. Bhí sé féin agus a bhean go h‑ana bhuartha mar gheall air sin. Do thárla, tráth, go raibh súil le duine eile clainne acu. Bhí an t‑am