uasail i n-aonfheacht leis an sgríbhinn Gaeluinne a chuir sí chúgham. Ní dóich liom gur thaithn mo Bhéarla i n-aon chor léi. Do sgríbh sí féin Béarla eile, le congnamh an Bhéarla a thugas-sa dhi. Ach dar liom-sa do bhain sí deiseacht na Gaeluinne as an obair ar fad. Mar seo, féach. Sa n-áit ’n-a n-abradh Eibhlín “Mo ghrádh go daingean tu!” chuireadh an bhean uasal Béarla ar an gcaint mar seo:—“Beloved of my steadfast heart!” Ní fhéadfainn-se blas ná cuma ná crot fhághail air sin. Is dócha, ámhthach, go raibh sé go maith mar Bhéarla. D’airigheas daoine tuisgionacha ’ghá mholadh.
Tamall beag ’n-a dhiaigh san do sgríbh an bhean uasal chéadna chúgham airís. Dúbhairt sí gur airigh sí blúire éigin Gaeluinne d’á labhairt; gur airigh sí daoine a thuig an chaint ag moladh na cainte go mór; gur sgríbh sí féin síos an chaint do réir fuaimeana na bhfocal, fé mar fhéad a cluasa greim fhághail ar na fuaimeanaibh; go raibh sí ag cur na sgríbhinne sin chúgham-sa, istigh sa leitir sin, féachaint an bhféadfainn brígh na cainte dhéanamh amach. D’fhéachas ar an bpáipéar ar ar dhein sí an sgríbhinn. Thugas iaracht ar fhocalaibh a dhéanamh as na leitireachaibh. Nuair a chuireas na focail i n-aice ’chéile ní raibh aon bhrígh leó. Thugas iaracht eile. Bhí na focail a tháinig an tarna h-uair bun os cionn ar fad leis na focalaibh a tháinig an chéad uair, agus ní raibh aon bhrígh leó ach chómh beag. Thugas an trímhadh h-iaracht. Tháinig na focail, an trímhadh h-uair, bun os cionn leis na focalaibh a tháinig an dá uair eile, agus theip orm airís aon bhrígh bhaint asta. Is dóich liom dá mbeinn ag gabháil dóibh ó shin gur b’ é an sgéal céadna bhéadh agam. Chuir an obair i gcuimhne dhom leabhar a léigheas mórán blianta roimis sin.