Page:Mo sgeal fein.djvu/22

This page has been validated.
8
MO SGÉAL FÉIN

do Bharnabí imtheacht ó Charaig na Madraí. Níor fhéadas riamh a dhéanamh amach cad é an chúis.

Sa n‑am gcéadna san bhí ’n‑a chómhnuighe thuaidh ar Ghleann Daimh, ag bun Mhullach an Ois, fear n‑ar bh’ ainim dó Diarmuid ua Tuathaig. Bhí beirt inghean aige, Siobhán ní Thuathaig agus Máire ní Thuathaig. Tá ar an dtaobh theas de Ghleann Daimh baile gur b’ é ainim atá air ’ná Lios Caragáin. Bhí an baile sin ’n‑a thalamh anáirde le linn Bharnabí uí Laoghaire agus a bheirt mhac a bheith ag imtheacht ó Charaig na Madraí. Do thóg Diarmuid ua Tuathaig an talamh san a bhí anáirde, agus dhein sé dhá fheirm de, agus thug sé an dá fheirm d’á bheirt inghean, do Shiobhán agus do Mháire. Bhí meas ana mhór aige ar bheirt mhac Bharnabí uí Laoghaire. Dhein sé dhá chleamhnas leó. Thug sé Siobhán do Dhiarmuid agus thug sé Máire do Pheadar, agus chuir sé isteach sa dá fheirm ar Lios Caragáin iad chun cómhnuighthe. Bhí féar bó agus fiche ins gach feirm díobh, agus bhí an dá lánamhain óg láidir, ábalta ar pé tairbhe a bhí sa talamh do bhaint as. Níor thalamh maith é. Talamh fiain fliuch ab eadh an chuid ba mhó dhé. Ach do tógadh dhá lín-tíghe mhóra mhaithe chreideamhnacha air. Bhí lán tíghe de chlainn ag gach lánamhain acu. Bhí chúig dhuine dhéag nó sé dhuine dhéag clainne ag Peadar agus ag Máire ní Thuathaig. Diarmuid ab ainim do’n mhac ba shine a bhí ag Peadar.

Nuair a tháinig an t‑am chuige do tráchtadh ar chleamhnas idir an Diarmuid sin agus Siobhán ní Laoghaire, an inghean úd Chonchubhair uí Laoghaire a bhí an uair sin ’n‑a chómhnuighe thuaidh ar an Mullach Ruadh, i n‑aice Chuilinn Uí Chaoimh. Do tuigeadh gur mhaith an cleamhnas le déanamh é. Do tuigeadh, leis, go raibh an gaol ann, agus go mb’ fhéidir nár bh’ fholáir col do