i gcoinnibh an Bhrianaigh, des na nótaíbh a tógadh d’á chaint nuair a bhí an chaint ag teacht as a bhéal, ach úsáid a dhéanamh ’n-a choinnibh des na nótaíbh eile úd a cuireadh le chéile ’n-a dhiaigh san! Sin dlígh agat! Ar an gcuma san díreach a bhí dlígh Shasana ’á cur i bhfeidhm i n-Éirinn gach aon lá riamh, ó’n lá san i mBaile Mhistéala, siar ar fad go dtí an lá úd a chuir Tomás Dubh Wentworth dlígh Shasana i bhfeidhm ar uaislibh Conacht, ní h-eadh, ach siar go dtí an chéad lá a tháinig dlígh Shasana isteach i n-oileán na h-Éirean.
An t-é mhachtnóchadh air is dóich liom go dtuigfeadh sé nár deineadh marbhadh daoine riamh a bhí níba ghráinne níba dhéistiníghe, níba neamhghátaraíghe, ’ná an marbhadh san a deineadh i mBaile Mhistéala an lá san. Ba mhar a chéile díreach é agus dá dtugtí aghaidh ar aonach, nó ar phobul Aifrinn, agus tosnughadh ar na daoine do lámhach gan chúis gan adhbhar. Dá ngabhtí tímpal, mar a raibh an tslígh folamh, d’fhéadfaí fear na nótaí do chur ar cheann des na caráistíbh fada chómh luath agus chuaidh aoinne des na cainteóiríbh suas ortha. Dá gcurtí teachtaireacht ag triall ar fhear na cathaoireach ’ghá iaraidh go leigfí fear na nótaí suas ann, do dhéanfaimís go léir slígh dhó láithreach, nídh nách iongnadh. Cad chuige go raibh caint againn le déanamh ach i dtreó go raghadh ár gcaint chun cinn ag triall ar mhuíntir an riaghaltais? Pé sgéal é, ní raibh le déanamh ach cead d’iaraidh agus bhí an cead le fághail.
Nuair a bhíos-sa sa Ráth, díreach nuair a bhí an chaismirt ag tosnughadh idir thineóntaithibh agus máighistiríbh talmhan, do cuireadh tuairisg chúgham lá, go raibh cruinniughadh mór tineóntaithe le bheith thiar i dTulach Lias agus ’ghá iaraidh orm dul ann. Chuas