Page:Mo sgeal fein.djvu/225

This page has been proofread.
XXXI
OBAIR CHOSANTA NA GAELUINNE

Is dóich liom go rabhas dhá bhliain anso nuair a thosnuigh obair na Gaeluinne, dáiríribh, i mBaile Átha Cliath. Do thuigeas ó’n gcaint a bhí ar siúbhal, agus as na fógraí a thagadh amach, go raibh socair ar an nGaeluinn bheó a bhí i mbéalaibh na ndaoine do shaothrughadh. Bhí fhios agam go dian mhaith gur mar sin ba cheart an obair a dhéanamh má bhí sí le déanamh i n-aon chor. Bhí leabhair Eoghain uí Chamhraidhe agam agus an graiméar Gaeluinne do sgríbh Ua Donabháin, agus bhí fhios agam ná raibh aon bhreith ag leabhraibh de’n tsórd san ar oiread agus aon lá amháin sa mbreis do chur le saoghal na Gaeluinne. Bhí fhios agam gur admhuigh na fir sin féin ná raibh uatha ach oiread agus d’fhéadfaidís de’n Ghaeluinn a bheith socair daingean i leabhraibh acu, i dtreó go mbéadh an méid sin di le fághail ins na leabhraibh sin nuair a stadfadh muíntir na h-Éirean d’ í labhairt. Do chonaic Ua Donabháin agus Ua Camhraidhe go raibh sí ag imtheacht, ag imtheacht go réidh, ach ag imtheacht go deimhnightheach, agus thuigeadar go maith ná raibh aon bhreith ag an obair a bhí acu féin ’á dhéanamh ar aon chosg do chur leis an imtheacht san.

Tá sé daingean am’ aigne, ámhthach, nár thuigeadar an díobháil a bhí sa n-imtheacht san. Is dóich liom gur thuigeadar, agus gur thuig a lán nár bh’ iad an uair sin, agus abhfad ’n-a dhiaigh san, gur thairbhe mhór a dhéanfadh an t-imtheacht. Bhí cúiseana troma acu féin agus ag daoine eile le n-a thuisgint go mbéadh tairbhe sa n-imtheacht. Na daoine a bhí beó i n-Éirinn