Page:Mo sgeal fein.djvu/25

This page has been validated.
11
LIOS CARAGÁIN

cíos, agus ansan bhéadh gach aon toradh eile d’á mbainfí as an dtalamh, bhéadh sé ag an bhfeirmeóir dó féin. Do chothóchadh na prátaí agus an bainne an lín-tíghe, agus chuirfeadh stráice lín agus an olan a bhéadh ar thrí cinn de chaoiribh balcais éadaigh ortha.

Is fíor go mbíodh droch mheas an uair sin ar an bpráta agus ar an mbraon bainne mar bhiadh. Ach tá so le rádh agam-sa anois, ag féachaint siar dom ar an aimsir sin agus ar an mbiadh sin, agus ar na daoine a tógadh leis an mbiadh sin. Na fir agus na mná a bhí an uair sin i n‑Éirinn ba threise agus ba dheaghshláintíghe iad go mór ’ná na fir agus na mná atá ann anois. Ní feictí choídhche an uair sin cailín ná buachaill gan lán béil d’fhiacalaibh breaghtha láidire geala istigh i gceann gach duine acu, agus gach fiacal acu san chómh cruaidh chómh daingean le caraig cloiche. Cad a chítear anois? Ní túisge a dh’fhásaid na fiacala i mbéalaibh na leanbh ’ná siúd ag dreóghadh agus ag feóchadh iad láithreach, agus ag imtheacht ’n‑a smúsach, agus go gcaithtear fiacala bréagacha do chur isteach nó ní fhéadfadh an leanbh biadh dh’ithe i n‑aon chor! Cad a chuirean an dreóghadh agus an feóchadh ar na fiacalaibh? Cuirean an droch ghoile. Agus cad fé ndear an droch ghoile? Cad fé ndear é ach an biadh bheith mí-fholáin. Agus an biadh mí-fholáin sin a dheinean an t‑éirleach san ar na fiacalaibh, ar nóin tá fhios ag an saoghal go ndeinean sé díobháil mhór do’n cholainn go léir. Tá fhios ag an saoghal nách féidir do leanbh, do gharsún nó do chailín bheag, sláinte cheart a bheith acu nuair a bhíd na fiacala ag leaghadh ar an gcuma san amach as an gceann acu. Dá mb’ áil leó an tae agus an bhulóg bhán do chaitheamh uatha, agus cromadh airís ar an bpráta agus ar an mbainne do chaitheamh mar