Page:Mo sgeal fein.djvu/28

This page has been validated.
14
MO SGÉAL FÉIN

na Croise le feisgint ag an gcrois anois, ná aon phioc de rian an tíghe bhig eile ach chómh beag. Ní fheadar cá bhfuil Peig Labhráis anois, ná an mairean sí i n‑aon chor. Tá Labhrás féin agus Máire Ruadh tar éis bháis le mórán aimsire, gura maith an mhaise d’á n‑anam é!

D’airigheas rud a dhein Máire Ruadh nuair a bhí an droch shaoghal ann, agus b’ fhéidir nár mhisde é dh’innsint anso. Ar an ngaraidhe prátaí iseadh mhaireadh gach aon duine bocht an uair sin, agus ar pé braon bainne a gheibheadh sé ó’n bhfeirmeóir go mbíodh slígh fir oibre aige uaidh. Thugadh an feirmeóir leath-acra tailimh leasuighthe do’n fhear oibre, agus do dhíoladh an fear oibre cíos an tíghe bhig, agus pé rud a bhíodh le díol as an leath-acra, leis an obair a dheineadh sé do’n fheirmeóir. Bhíodh an bata scóir acu, agus choimeádaidís araon an cúntas ar an mbata scóir. Is amhlaidh a bhíodh an bata scóir ’n‑a dhá leath ar a fhaid, agus leath acu ar an bhfear oibre agus an leath eile acu ag an bhfeirmeóir. Nuair a bhíodh an cúntas acu le cur síos, do thagaidís i bhfochair a chéile agus a leath féin de’n bhata ag gach duine acu. Ansan, cuir i gcás go mbéadh chúig lá oibre déanta ag an bhfear oibre, do shínfidís an dá leath-bhata suas le n‑a chéile, agus do ghearfadh duine acu chúig scóir le sgiain ar an dá leath-bhata, scór, nó fáibre, i n‑aghaidh gach lae oibre d’ár deineadh. Do gearfaí na fáibrí i dtreó go luighfeadh an sgian ar an dá leath-bhata i n‑aonfheacht, agus go mbéadh gach fáibre geartha isteach ionta araon. Ansan do choimeádfadh gach aoinne a leath féin de’n bhata scóir, agus níor bh’fhéidir d’aoinne acu éagcóir a dhéanamh ar an nduine eile, mar níor bh’ fhéidir scór do ghearadh amach ’ná scór do chur