Page:Mo sgeal fein.djvu/30

This page has been validated.
16
MO SGÉAL FÉIN

go bhfuair Labhrás bocht bás. Ní fheadar-sa cá raibh an “bhean uasal” eile do dhéanfadh an uair sin é. An creideamh láidir a bhí istigh ’n-a croídhe, isé chuir fhéachaint ar Mháire Ruadh an gníomh san do dhéanamh.

Ach ní raibh aon chuimhneamh ag aoinne i n-Éirinn ar phrátaíbh dúbha an chéad lá úd a sheasuigheas-sa ag cúinne na h-iothlann ag féachaint anonn ar thigh Pheig na Croise, agus ar Pháircín Chúinne na Réidhe, agus ar thigh Mháire Ruadh, agus ar na páirceanaibh beaga eile atá uaidh siar, Páirc na dTulachán agus Páirc na Luachra; agus ar an gCnucán Ruadh, agus ar an gcaidhséar atá déanta, anuas tríd an gCnucán Ruadh agus tríd an bportach, ag sruthán a thagan anuas ó’n gCura Liath. Táid siad go léir ansúd fós díreach mar a bhíodar an chéad lá a dh’fhéachas-sa anonn ortha ó chúinne na h-iothlann. Táid siad go fuar agus go fiain agus go bocht, ach má táid féin, is ortha is fearr liom bheith ag chuimhneamh anois nuair a bhíon uain agam ar chuimhneamh, mar is ortha agus ar a ndéanamh a bhíos ag cuimhneamh an chéad uair riamh a h-ínnseadh dom gur bh’ é Dia a dhein an domhan.




III
RÓGAIRÍ

Do théidhinn soir go minic go cúinne na h-iothlann, ach dob’ fhada go ndeaghas thairis sin soir. Bhí blúire beag de thalamh gan daingean lastuaidh de’n iothlainn, agus an Seana Mhacha a tugtí air. Ní raibh aon cheart