Page:Mo sgeal fein.djvu/32

This page has been validated.
18
MO SGÉAL FÉIN

a cheann chun an tailimh aige, agus a mhuineál sínte aige. Do bhéiceas agus do ritheas. Do rugas na cosa uaidh, ach b’ ar éigin é. D’iompuigh sé thar n-ais agus d’aireófá míle ó bhaile é ag sgreadaigh agus ag maoidheamh as an ngaisge a bhí déanta aige. Do chonac agus d’airigheas go minic ó shin an sgreadach chéadna agus an maoidheamh céadna ag teacht a’ gandal nár ghé, a’ gandal fir, mar gheall ar ghníomh ná raibh aon phioc níba chródha ’ná gníomh an ghandail úd a bhí ar an Seana Mhacha an uair úd.

Tá páirc ar aghaidh an doruis amach, agus “an pháirc sin amuich,” a tugtí an uair sin uirthi. Bhí bearna ar aghaidh an doruis chun dul isteach sa pháirc sin. Do bhuailinn-se amach, agus soir an bhearna san agus soir tré lár na páirce, uaireanta, nuair a bhíodh an gandal ar an Seana Mhacha. Ansan bhíodh radharc agam ó-thuaidh ar an gCnuc mBuidhe, agus ar an gCaol, mar ar marbhuigheadh gandal eile abhfad ’n-a dhiaigh san, agus ar Ghleann Daimh, mar a raibh Tadhg na n-Ubh ’n-a chómhnuighe; agus suas ar Charaigín an Radhairc, agus ar Thúirín an Chasúrlaigh, agus síos ar Pháirc na gCloch, agus ar Pháirc na Coise, agus ar Pháirc na h-Abhan agus ar Pháirc na Gainimhe. Chuireas aithne ortha go léir i ndiaigh ’chéile. Páircíní beaga bochta cruadha ab eadh iad. Droch thalamh ab eadh an áit go léir. Ach sar a dtáinig an dubh ar na prátaí d’fhásaidís go maith i n-aon tsaghas tailimh, agus biadh breagh foláin flúirseach ab eadh iad do dhaoinibh nó do bhuaibh nó do chapaillibh, nó d’aon rud beó a dh’fhéadfadh biadh a dh’ithe i n-aon chor. Bhéadh bliain anois agus airís, b’ fhéidir, agus thiocfadh meathlughadh ar na garaidhthibh, tré thiormacht aimsire, nó tré dhroch ghaoith éigin, nó mar gheall ar ghalar éigin a bhéadh ar an síol, i dtreó