Page:Mo sgeal fein.djvu/40

This page has been validated.
26
MO SGÉAL FÉIN

d’eileamh air ar feadh abhfad. Do leigeadar ortha gur le truagh dhó a dheineadar é. Ní bhíodh an cíos aige nuair a bhíodh sé ag glaodhach agus an chuid eile ag díol, agus do leigidís ortha nár mhaith leó bheith dian air. Nuair a bhí oiread amuich aige agus gur dhóich leó go ndiúltóch’ an chuid eile d’é dhíol tar a cheann do chomáineadar an dlígh ar siubhal. Do chosain an chuid eile an cás. Tar éis mórán trioblóide agus mórán cosdais do bhuadhdar ar an máighistir. Do dhíoladar an cíos thar cheann an fhir a dh’fhan siar, ach do tugadh dóibh úsáid na feirme a bhí aige-sean go dtí go mbéadh a gcuid féin acu thar n-ais aisti. Ansan iseadh d’eirigh an toirmeasg ar fad. Ní thabharfadh fear na feirme talamh ná airgead dóibh. B’éigean dóibh gabháil tré chúrsa eile dlíghe chun é a chur a’ seilbh, agus nuair a bhí ughdarás dlíghe acu chun na sealbha, b’éigean dóibh féin dul agus é chur amach, nó é ghabháil ’n-a phrísúnach, gan aon chongnamh ó armáil na rígheachta.

Do chruinnigh cualacht díobh. Bhí cuid acu luath láidir óg. Bhí fear díobh go raibh ana urchar ciotóige aige. Aon rud go gcaithfeadh sé cloch leis as an gciotóig do bhuailfeadh sé é. Dómhnaill ua Tuathaig ab ainim dó. Ní raibh aon arm teine acu. Thugadar aghaidh ar an dtigh. Sar ar thánadar ró achmair do’n tigh tháinig an fear a bhí uatha amach agus guna aige. Do stad cuid acu nuair a chonacadar an guna. D’aimsigh Dómhnaill ua Tuathaig dhá chloich, cloch ins gach láimh leis. Do shiúbhluigh sé go réidh i dtreó an fhir go raibh an guna aige. Do thóg seisean an guna agus shín sé i dtreó Dhómhnaill é. Níor staon Dómhnall. Do shiúbhluigh sé cos ar chois i dtreó an ghuna. Theastuigh ó Dhómhnall teacht i ngioracht faid