’n-a lán neart agus do thuit ceann des na chaoire marbh ar an mbóthar!
Bhí iongnadh agus alltacht ortha go léir. Ní raibh aon choinne acu ná go raibh an guna folamh. Do chaith an fear go raibh an guna ’n-a láimh aige, chaith sé é féin ar ghealacán a dhá ghlún ar an mbóthar ag breith a bhuidhchais le Dia nár bh’ é an duine a bhí marbh aige i n-inead na seana chaereach. Agus b’ é duine bhéadh marbh aige ’ná an Dómhnall ó Tuathaig céadna do bhí tar éis an phrísúnaigh do leagadh tamall beag roimis sin leis an gcloich a chaith sé as an gciotóig leis.
“Airiú, a chrochaire,” ar siad go léir leis an bprísúnach, “do mheasais dáiríribh Dómhnall ó Tuathaig do lámhach!”
Níor labhair an prísúnach focal. D’iompuigheadar air agus do geóbhfaí go maith air mura mbéadh Dómhnall ó Tuathaig ’ghá chosaint.
Do rugadh síos go Mághchromtha é, agus do cuireadh tré pé cúrsaí dlíghe a bhí riachtanach é. Do dhíol duine éigin des na tineóntaithibh an cíos a bhí ar an bhfeirm agus do tugadh dó an fheirm go dtí go mbéadh a chuid féin thar n-ais aige aisti.
Bhíos-sa ag éisteacht leis an méid sin sgéil agus mé sáidhte istigh sa chúinne, agus níor chuaidh aon fhocal de’n sgéal amú uaim; agus ní raibh oiread agus aon fhocal amháin d’ár tháinig chúgham gur ghádh dhom a dh’fhiafraighe cad é an brígh a bhí leis. Thuigeas an chaint chómh cruinn agus do thuig seana Dhiarmuid féin í.
Lá éigin tímpal na h-aimsire céadna bhí beirt fhear ag obair thíos i bPáirc na gCloch. Ní cuimhin liom anois ciacu ag cur phrátaí a bhíodar nó ag baint