daoine ná a’ leabhraibh. ’Ghá cur i gcomparáid dom le teangthachaibh eile, le Laidion nó le Gréigis nó le Frainncis, fé mar a dh’fhoghlumuigheas raint díobh ’n-a dhiaigh san, téighean sé ’n-a luighe ar m’aigne, gur bh’fhearr d’arm aigne í ’ná aon teanga acu. B’fhéidir go raibh an Ghréigis níb’ fhearr ’ná í nuair a bhí an Ghréigis beó agus muíntir na Gréige ’ghá labhairt, ach ní raibh ar mo chumas-sa an chomparáid a dhéanamh ach amháin idir mo Ghaeluinn bheó féin agus an Ghréigis a fuaras ins na leabhraibh; agus chómh fada agus chuaidh an chomparáid sin bhí an buadh agam’ Ghaeluinn féin. Is dócha go ndéarfadh duine a tógadh i n-áit eile, nó i gcúig eile, i n-Éirinn, an rud céadna i dtaobh Gaeluinne na cúige gur tógadh é féin ann. Ach tá raint neithe againn chun an sgéil do bhrath. Sar ar fhágas-sa Lios Caragáin níor airigheas riamh amach a’ béal duine na h-abartha so, .i. “Tá mé”; “bhí mé”; “bhí siad.” D’airighinn i gcómhnuighe “Táim”; “bhíos”; “bhíodar,” ⁊c. Neithe beaga iseadh iad san, ach is neithe beaga iad a thagan isteach go mion minic sa chaint. Agus is slacht ar an gcaint an módh dlúithte seachas an módh sgurtha. Ar an gcuma gcéadna, is neamhshlacht ar an gcaint an módh sgurtha seachas an módh dlúithte. D’á éaghmuis sin bíon sa chaint dhlúithte neart agus fuinneamh nách féidir a bheith sa chaint a bhíon ag tuitim as a chéile.
Lasmuich ar fad de’n deifrigheacht san atá, i slacht agus i neart agus i bhfuinneamh, idir an chaint go mbíon a lán de’n mhódh sgurtha inti agus an chaint a ghlacan mar rogha an módh dlúithte, bhí sa Ghaeluinn a bhí am’ thímpal-sa deich mbliana agus trí fichid ó shin, tréithe chun nirt agus chun fuinnimh agus chun deisbhéalaighe agus chun géire urlabhra agus chun