Page:Mo sgeal fein.djvu/49

This page has been validated.
35
DHÁ ARM AIGNE

an uair sin i gCuilinn Uí Chaoimh agus ar fuaid Dhúth’Alla go léir. Ní deirim ná go bhfuil Gaeluinn mhaith le h-aireachtaint fós i gCuilinn. Ach ta sí nách mór caithte uatha ag formhór mhuíntir Dhúth’Alla. Thugas féin tamall aimsire, bliain is dóich liom, i nDúth’Alla, i n-aice Cheann Tuirc, breis agus deich mbliana a’s dachad ó shin. Bhí aos óg na h-áite an uair sin ag eirighe suas agus gan aon fhocal Gaeluinne acu, agus donas an sgéil ar fad, an saghas Béarla a bhí acu níor airigheas riamh roimis sin ná riamh ó shin aon chaint chómh grána leis. Nuair a bhínn ag éisteacht leo chuiridís coitchianta i gcuimhne dhom an focal a deireadh Diarmuid ua Muíneacháin:―

“Na daoine is lúgha ciall i n-Éirinn
Daoine gan Bhéarla gan Ghaeluinn.”

I gCuilinn Uí Chaoimh a bhíodh Diarmuid ’n-a chómhnuighe, agus is dócha gur thug sé fé ndeara na daoine óga ag caitheamh na Gaeluinne uatha agus ag labhairt an Bhéarla ghrána bhriste.

Bhí ana sheans orm-sa pé ’r domhan é. Bhí idir Bhéarla agus Gaeluinn agam os cionn mo chliabháin. Mura mbéadh an áit ’n-ar rugadh agus ’n-ar tógadh mé, ámhthach, ní bhéadh an Ghaeluinn agam, agus mura mbéadh an mháthair a tugadh dom ní bhéadh an Bearla agam. Agus féach, mura mbéadh idir Ghaeluinn agus Béarla do bheith agam mar atáid, ní bhéadh aon bhreith i n-aon chor agam ar an obair a dhéanamh atá déanta agam. Pé feabhas fé leith a bhéadh ar an mBéarla agam, ní thabharfadh sé aon chumas dom ar an nGaeluinn do ghlacadh mar arm aigne agus do láimhseáil mar arm aigne. Is amhlaidh a bhéadh an Béarla a’m chur amú sa láimhseáil sin. Pé feabhas fé leith a