Page:Mo sgeal fein.djvu/57

This page has been validated.
43
AN GORTA

go mór ’ná “Béarla Pheadair agus Seághainín Philib.”

Bhí an t‑athair agus an mháthair ag fiafraighe agus ag ceistiuchán chómh minic agus d’fhéadadar é i dtaobh Shíle agus Dhiarmuidín. Ní raibh an bheirt abhfad tar éis bháis nuair airigheadar é. Bhí an Ghaeluinn ag na daoine bochta go léir. Ní raibh sí ag na h‑uachtaránaibh, nó ní raibh sí acu ach go h‑olc. D’fhéadadh na daoine bochta eólus d’fhághail ar a chéile go minic a gan fhios dos na h‑uachtaránaibh. Chómh luath agus fuair an t‑athair agus an mháthair go raibh an bheirt leanbh tar éis bháis, tháinig a leithéid sin de bhuairt agus d’uaigneas ortha ná féadfaidís fanmhaint sa n‑áit. Bhíodar deighilte ó n‑a chéile, ach fuaradar caoi ar fhocal éigin do chur chun a chéile. Shocaruigheadar ar éalódh as an áit. Cáit ab ainim do’n mhnaoi. Do shleamhnuigh Pádraig amach as an dtigh ar dtúis. Do stad sé thuas i mbara Bhóthair na Sop ag fanmhaint le Cáit. I gcionn tamaill do chonaic sé ag teacht í, ach bhí sí ag siúbhal ana réidh. Bhí an bhreóiteacht uirthi. Chomáineadar leó suas i dtreó Charaig an Staidhre. Thánadar chun na h‑áite ’n‑a raibh an poll mór. Bhí fhios acu go raibh an bheirt leanbh thíos sa pholl san ameasg na gcéadta corp eile. Do stadadar i n‑aice an phuill agus ghoileadar a ndóithin. Thuas ar an nDoire Liath, lastoir de’n Chathairín, a bhí an bothán n‑a rabhadar ’n‑a gcómhnuighe ann sar a ndeigheadar isteach i dtigh na mbocht. D’fhágadar an poll mór, agus thugadar aghaidh siar ó-thuaidh ar an nDoire Liath, mar a raibh an bothán. Bhí an áit sé mhíle ’shlígh uatha, agus bhí an oídhche ag teacht, ach chomáineadar leó. Bhí an t‑ocras ortha agus bhí an bhreóiteacht ar Cháit. B’éigean dóibh