Page:Mo sgeal fein.djvu/58

This page has been validated.
44
MO SGÉAL FÉIN

siúbhal ana réidh. Nuair a bhí cúpla míle de’n tslígh curtha dhíobh acu b’ éigean do Cháit stad. Ní fhéadfadh sí dul a thuille. Do casadh cómharsain ortha. Do tugadh deoch agus blúire éigin bídh chúcha, ach ní leigfeadh sgannradh d’aoinne bheith istigh a thabhairt dóibh toisg iad a bheith tagaithe lom díreach ó’n bpoorhouse, agus an droch bhreóiteacht a bheith ar an mnaoi. Níor dhein Pádraig ach an bhean do thógáilt chuige ar a mhuin agus comáint leis siar ó-thuaidh fé dhéin an bhotháin.

Bhí an fear bocht féin lag go maith. Bhéadh sé dian air an tslígh chur de gan aon ualach a bheith air. Nuair a bhí an t‑ualach air b’éigean dó stad go minic agus an t‑ualach do leigint uaidh siar ar chlaidh an bhóthair ar feadh tamaill. Ach pé tuirse a bhí air do lean sé ag cur na slíghe dhe. Níor sgar sé leis an ualach. Do shrois sé an bothán. Bhí an bothán fuar folamh roimis, gan teine gan teas.

Amáireach a bhí chúghainn tháinig cómharsa éigin chun an bhotháin. Chuaidh se isteach. Chonaic sé an bheirt istigh agus iad araon marbh, agus dhá chois a mhná istigh ’n‑a bhrollach ag Pádraig, fé mar a bhéadh sé a d’iaraidh iad do théidh. Do dheabhróch’ an sgéal gur mhothuigh sé lagachar an bháis ag teacht ar Cháit agus a cosa fuar, agus gur chuir sé na cosa isteach ’n‑a bhrollach féin chun an fhuachta do bhaint asta.

“Ba mhaith, agus ba dhílis, agus dob’ uasal an fear é!” adéarfaidh duine éigin b’fhéidir, “agus dob’ uasal an gníomh a dhein sé!”

Is fíor. Ach deirim-se an méid seo leat. Do deineadh na mílte gníomh de’n tsaghas chéadna san ar fuaid na h‑Éirean i gcaitheamh na h‑aimsire sin, agus níor dhein aoinne puínn iongnadh dhíobh mar gheall ar a bhfeabhas de ghníomharthaibh. Dar le gach aoinne