Page:Mo sgeal fein.djvu/59

This page has been validated.
45
AN GORTA

níor dhein Pádraig ua Buachalla ach an rud a dhéanfadh aon fhear gur bh’fhiú é Críostaidhe thabhairt air.

Bhí an firín úd n‑ar bh’ ainim dó Micheál ua Laoghaire ’n‑a chómhnuighe i mbothán ná raibh abhfad ó’n mbothán n‑a bhfuair Pádraig ua Buachalla agus a bhean bás ann. Micheál Dubh a tugtí mar leas-ainim ar Mhicheál ua Laoghaire. Caitilín Pruiséal ab ainim d’á mhnaoi. Bhí lán tíghe de chlainn acu. Ní raibh oiread agus aon fhocal amháin Béarla acu féin ná ag aoinne de’n chlainn. Tháinig an gorta go dian ortha. Tadhg ab ainim do’n mhac ba shine a bhí acu. Chonaic sé a athair agus a mháthair ag dul i laige leis an ocras, agus an t‑é b’ óige, de’n chlainn sínte marbh i gcúinne an bhotháin. D’árduigh sé tuagh agus sgian leis, agus siúd amach é, ar thuitim na h‑oídhche. Chuaidh sé isteach i gcró beithigheach le duine des na cómharsain, agus mhairbh sé ceann des na buaibh. Bhain sé cuid de’n chroicean de’n bhoin. Do nocht sé an méid de’n fheoil a theastuigh uaidh a bhreith leis. Thug sé leis an dá cheathramhain dheirigh. Tháinig sé abhaile. Bhí béile mhaith an oídhche sin acu go léir. Nuair a bhí an t‑ocras bainte dhíobh do rug Tadhg leis amach an corp a bhí sa chúinne, agus dhein sé poll amuich sa gháirdín, agus chuir sé an corp ann.

Nuair a tháinig an mhaidean d’eirigh muintir na bó. Do fuaradh an bhó marbh amuich sa chró, agus an dá cheathramhain dheirigh di imthighthe. D’imthigh an fear gur leis í go Maghchromtha agus thug sé leis bharántas cuardaigh. Bhí tuairim aige cár rugadh an fheóil. Tháinig sé féin agus pé oificeach dlíghe a bhí le n‑a chois aige, go bothán Mhichíl Duibh. Do fuaradh na cnámha agus cuid de’n fheóil. Do gabhadh ’n‑a phrísúnach Tadhg agus do rugadh síos go Maghchromtha