Page:Mo sgeal fein.djvu/66

This page has been validated.
52
Mo Sgéal Féin

ins na trithíbh gáirí. Le n‑a linn sin do léim duine des na cailíníbh amach ó’n gcuid eile, agus do rith sí chun an gharsúin agus do shnap sí uaidh an seál, agus chaith sí ainiar uirthi é agus siúd amach í. D’fhéach sé ’n‑a diaigh.

“Imthigh soir go Meall na h‑Órnan, a Pheig,” ar seisean, “agus abair leó go mbeimíd ag déanamh ime Dé Luain agus go mbeidh na spealadóirí againn Dé Máirt.”

Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do bhuail sé chúghainn suas agus sheasaimh sé i n‑ár measg.

Níor sgar cuimhne an gharsúin sin riamh ó shin le m’ aigne. Abhfad ’n‑a dhiaigh san, nuair a thagadh an leanbh agus an chaint suas chúgham am’ aigne agus bhínn ag breithniughadh ar an sgéal, bhínn ag cur an leinbh sin, mar a bhí sé an uair sin, i gcomparáid leis an gcuma ’n‑a raibh sé tamall ’n‑a dhiaigh san má chuaidh sé ar sgoil Ghallda, agus má fhoghluim sé an saghas Béarla a bí ins na sgoileanaibh sin. Bhí sé an uair sin go neamhsgáthmhar agus go seasamhach i n‑a aigne, go súil-aibigh agus go h‑ollamh chun freagra thabhairt nuair a cuirfí ceist chuige. D’fhéach sé suas idir an dá shúil ar an sagart nuair a bhí sé ag caint leis. Bhí sé dána gan bheith droch-mhúinte.

Ní fheaca riamh ó shin é. Ach do chonac daoine dh’á shórd go minic ó shin. Agus tá fhios agam go dian mhaith, má thug sé raint aimsire i n‑aon sgoil Ghallda agus má fhoghluim sé an saghas Béarla a bhíodh ionta, nár bh’fhada gur imthigh an tseasamhacht as a shúilibh agus as a chroídhe, agus má bhí air teacht isteach i séipéal agus seál fé n’osguil aige, agus gur chuir sagart éigin na ceisteana úd chuige, gur b’ amhlaidh a bhí sé