bhí le Malachi aige. Bliain díreach ó’n lá a bheannuigh Dómhnall do Dhiarmuid do bhuail an bheirt umá chéile airis.
“Dia ’s Muire dhuit, a Dhómhnaill uí Dhúbhgáin”, arsa Diarmuid.
Thug Dómhnall a chúl leis agus bhuail sé thairis, díreach mar a dhein Diarmuid an chéad lá úd. Bliain eile díreach ó’n lá san do bhuail an bheirt umá chéile an trímhadh h‑uair.
“Ó, Dia ’s Muire ’s Pádraig duit, a Dhiarmuid uí Thuathaig!” arsa Dómhnall, díreach mar a déarfadh sé dá mba an neómat san a bhéadh Diarmuid tar éis beannughadh dhó. Má thug Diarmuid bliain gan labhairt thug Dómhnall bliain gan freagairt. Do gháir an bheirt go sultmhar agus bhíodar ana mhuinteardha le n‑a chéile as san amach.
Tháinig an t‑am chuige, agus an chaoi air, agus do cuireadh síos go Maghchromtha mé go dtí an sgoil a bhí ag fear d’ár bh’ ainim Micheál de Bhál. Bhí an sgoil chómh maith san go dtagadh sgoláirí chúichi ó’n ndúthaigh do léir mór-thímpal. Is cuimhin liom go maith go raibh an measgán mearaidhe céadna ar an máighistir sin a bhí ar Chormac ua Luasa i gCaraig an Ime, i dtaobh cad é an rang sa sgoil ’n‑ar cheart mé chur. Bhí cuid de’n eólus ró mhaith agam d’aon rang íseal, agus gan cuid de maith a dhóithin agam do rang uachtarach. Ach do socaruigheadh an sgéal. Is cuimhin liom, leis, nuair a bhímís ag sgrúdughadh na gceacht ins na leabhraibh léighinn, go mbíodh gasradh des na buachaillíbh am’ thímpal, ag brúth isteach orm ar gach aon taobh, agus a leabhar ag gach duine acu, agus mé ’ghá innsint dóibh conus na focail do rádh agus cad é an brígh a bhíodh leó. Níor chóir, ámhthach, aon