Page:Mo sgeal fein.djvu/90

This page has been proofread.

am’ aigne gur mheasadar gur bh’ amhlaidh a casadh cuideachta éigin orm i Sráid an Mhuillinn agus gur rugadar isteach i dtigh tabhairne éigin mé—agus gur bh’ é sin a choimeád amuich chómh déanach mé, agus do chuir an tuirse go léir orm agus do bhain mo chaint díom!

Féach gur b’ uiriste éagcóir a dhéanamh ar dhuine! Go mór mór nuair a thugan duine féin an chaoi chuige le beart éigin mhí-chuíbhsach.


XI
AN MHANGARTA

Tá sé chómh maith agam a dh’innsint sa n-áit seo conus mar a dheineas beart a bhí mí-chúibhsach go leór abhfad sar a’ ndeigheas isteach i n-aon sgoil riamh ach amháin an sgoil a thug mo mháthair dom. Bhíos, is dóich liom, tímpal deich mbliana dh’aois, nó b’ fhéidir ag déanamh ar bheith aon bhliain déag. Bhí trí nó ceathair de cholanaibh beaga seasga agam’ athair le cur siar go dtí an Leitir Cheanan, ar an gcnuc, i dtreó go gcaithfidís an samhradh ann agus go bhfágfaí an fhosaidheacht sa bhaile ag na buaibh bainne. Bhí fear oibre againn. Micheál ua Fineagáin ab ainim dó. Bhí dathacha ag imirt ar an nduine mbocht. Dheanfadh sé obair maith go leór ach ní fhéadfadh sé ruith. Dúbhradh leis na ba seasga do chomáint leis siar go dtí an cnuc. Dúbhradh liom-sa dul le n-a chois i dtreó dá mbéadh na ba ag ruith uaidh,