an muintir a bhí tímpal air agus dubhairt: Siniad mo mháthair-se agus mo bhráithre. 35Óir, an t‑é a dhéanfaidh toit Dé, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.
CAIBIDIOL IV.
1Agus do thosnuigh sé airís ar theagasg i n‑aice na faraige, agus do chruinnigh sluagh mhór chuige, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd luinge ar an uisge agus gur shuidh sé ann, agus bhí an tsluagh i n‑aice an uisge, ar an dtalamh tirim. 2Agus thug sé mórán teagaisg dóibh i soluídíbh, agus dubhairt leó sa teagasg:
3Éistidh liom: Féach, chuaidh curadóir amach ag cur síl. 4Agus ag cur an tsíl dó, do thuit cuid de’n tsíol i n‑aice an bhóthair, agus tháinig éanlaithe an aéir agus d’itheadar é. 5Agus do thuit tuille dhe ar áit i n‑a raibh iomad cloch, agus ní raibh puínn ithreach aige ann, agus d’fhás sé suas go tapaidh mar ní raibh an ithir doimhinn. 6Agus nuair a dh’eirigh an ghrian tháinig an brothall air, agus toisg gan an phréamh a bheith aige d’fheóch sé. 7Agus thuit tuille dhe ins na sgeachaibh, agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar an chuid sin, agus níor thug sé toradh uaidh. 8Agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh fhóghanta, agus d’fhás sé agus d’éirigh sé, agus thug sé toradh uaidh, cuid de fó thríochad, cuid de fó thrí fichid, agus cuid dé fó chéad. 9Agus dubhairt sé: An t‑é go bhfuil cluasa air chun cloisint cloiseadh sé.
10Agus nuair a bhí sé i n’aonar d’fhiafruigh an dáréag a bhí i n’fhochair fios na soluíde dhe. 11Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se eólus d’fhághail ar rúndiamhraibh rígheachta Dé, ach do’n mhuíntir sin atá lasmuigh, deintear gach nídh i soluidíbh; [1]12I dtreó ag féachaint dóibh go bhfeicfidís agus ná feicfidis, agus ag éisteacht go n‑aireóchaidís agus ná tuigfidís,
- ↑ Isáias vi. 9.