Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/108

This page has been proofread.
98
Caib. IV. 40
MARCUS

creideamh agaibh fós? Agus bhí eagla ana-mhór ortha, agus deiridís le n‑a chéile: Cé h‑é seo dar leat, go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?



CAIBIDIOL V.

Legión deamhan ag Críost dá chur amach a duine. An chailleamhaint fola aige dá leigheas. Inghean Iaíruis aige á tógaint ó’n mbás.


[1]1Agus thanadar treasna na faraige go tír na nGerasénach. 2Agus nuair a tháinig sé amach as an luing do bhuail uime duine agus é ag teacht as na h‑uaghnaibh, agus bhí deamhan ann, 3Agus ins na h‑uaghnaibh a chómhnuigheadh sé, agus níor bh’fhéidir feasda é cheangal le slabhraíbh féin, 4Óir do ceangaladh é go minic le geimhlibh agus le slabhraíbh, agus do bhris sé na slabhraí agus do strac sé na geimhle as a chéile, agus ní raibh ar chumas aoinne smacht a chur air. 5Agus bhíodh sé i gcómhnuidhe, do ló agus d’oidhche, ins na h‑uaghnaibh agus ins na cnocaibh, ag liúirigh agus ’ghá ghearradh féin le clochaibh. 6Agus nuair a chonaic sé Íosa abhfad uaidh do rith sé chuige agus do shléacht sé dhó. 7Agus do liúigh sé do ghuth árd agus dubhairt: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic Dé is aoirde? Iarraim ort i n‑ainim Dé gan mé phianadh. 8Óir dubhairt sé leis: Imthigh amach as an nduine, a spioraid shailigh. 9Ansan do cheisdigh sé é: Cad is ainim duit? Agus dubhairt seisean: [2]Legión is ainim dom, óir is líonmhar sinn. 10Agus bhí sé ’ghá iarraidh go cruaidh air gan é chur as an áit amach. 11Bhí tréad mór muc ann agus iad ag inníor tímpal an chnuic. 12Agus d’iarr na deamhain achainíghe air, agus dubhradar: Cuir ins na mucaibh sinn go raighmíd isteach ionta. 13Agus thug Íosa an achainíghe dóibh láithreach. Agus d’imthigh na deamhain shalacha amach agus chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais na muca, suas

  1. Mait. viii. 28; Lúc. viii. 26.
  2. .i. sluagh mhór. Feic Mait. xxvi. 53, an nóta.