Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/116

This page has been proofread.
106
Caib. VII. 9
MARCUS

nighe, agus mórán neithe eile de’n tsórd san. 9Agus dubhairt sé leó: Is maith a chuireann sibh órdú Dé ar neamhnídh chun nós bhúr sinsear do choimeád. 10Óir dubhairt Maois: [1]Tabhair dot’ athair agus dod’ mháthair onóir; agus: [2]An t‑é thabharfaidh droch-chaint d’á athair nó d’á mháthair curtar chun báis é. 11Ach dar libh-se: Má deir duine le n‑a athair nó le n‑a mháthair: [3]Gach corban, (’sé sin, gach tabharthas) d’á dtugaim-se uaim, bíodh a thairbhe agat-sa; 12Agus ní leigeann sibh dó aon nídh eile a dhéanamh d’á athair ná d’á mháthair. 13Ag cur bréithir Dé ar neamhnídh leis na sean-nósaibh a chleachtabhair féin. Agus tá a lán neithe de’n tsórd san agaibh ’á dháanamh.

14Agus do ghlaoidh sé na daoine chuige airís, agus dubhairt sé leó. 15Ní’l aon rud atá lasmuigh de’n duine, agus a théigheann isteach ann, d’fhéadfadh é shailiú, ach ua neithe a thagann amach as an nduine siniad a shailígheann an duine. 16Má tá cluasa chun éisteachta ag duine, éisteadh sé.

17Agus nuair a chuaidh sé isteach i dtigh ó’n sluagh d’fhiafraigh a dheisgiobuil de brígh na soluíde. 18Agus dubhairt sé leó: Agus an bhfuil sibh-se leis gan breitheamhantas mar sin? Ná tuigeann sibh, pé rud a théigheann isteach sa duine ó’n dtaobh amuigh nách féidir do an duine shailiú, 19Mar ní théigheann sé isteach ’n‑a chroidhe, ach i n‑a bholg a théigheann sé agus téigheann sé amach sa bhfiailteach, ag glanadh gach bídh amach. 20Agus dubhairt sé gur b’iad na neithe a thagann amach as an nduine a shailigheann an duine, [4]21Óir is ó’n dtaobh istigh, amach a’ croidhe an duine, a thagann droch-smuínte, agus adhaltranas, agus gníomhartha drúise, agus dúnmharbhadh, 22Guid, saint, éagcóir, feall, mí-gheanmnaigheacht, droch-shúil, diamhlasla, uabhar, mí-chiall. 23Ó’n dtaobh istigh iseadh thagaid na h‑olca san go léir, agus isiad a shailigheann anduine.


24Agus d’eirigh sé as san, agus chuaidh sé go críochaibh

  1. Exod. xx. 12; Deut. v. 16.
  2. Exod. xxi. 17; Lebhit. xx. 9.
  3. .i. do tugtí do sna Fairisínigh an rud ba cheart a thabhairt do’n athair agus do’n mháthair.
  4. Gen. vi. 5.