Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/119

This page has been proofread.
Caib. VIII. 19
109
MARCUS

súile agaibh agus ná feiceann sibh? An bhfuil cluasa oraibh agus ná h‑airigheann sibh? [1]Nó an amhlaidh nách cuimhin libh? 19Nuair a bhriseas na chúig bhulóga do’n chúig mhíle duine, an ’mó ciseán a thógabhair de’n bhia bhriste? Dubhradar-san: Dhá chiseán déag. 20Agus na seacht mbulóga do’n cheithre mhíle, an ’mó ciseán a thógabhair? Agus dubhradar: Seacht gciseáin. 21Agus dubhairt sé leó: Conus ná tuigeann sibh fós?

22Agus thánadar go Betsaida; agus thugadar chuige dall, agus d’iarradar air lámh a chur air. 23Agus do rug sé ar láimh ar an ndall, agus do rug sé as an mbaile beag é, agus chuir sé seile ar a shúilibh, agus chuir sé a dhá láimh air, agus d’fhiafraigh sé dhe an bhfeacaidh sé aon nídh. 24Agus d’fhéach an duine suas agus dubhairt sé: Chím daoine mar bheadh crainn agus iad ag siubhal. 25Ansan do chuir sé a lámh airís ar a shúilibh, agus chrom an duine ar fhéachaint suas, agus mar sin tháinig radharc dó i dtreó go bhfeacaidh sé gach nídh go soiléir. 26Agus chuir sé an duine chun a thighe féin agus dubhairt sé leis: Imthigh chun do thighe, agus má théigheann tú isteach sa tsráid ná h‑innis d’aoinne.

27Agus chuaidh Íosa agus a dheisgiobuil sa bhaile sin Caesaraéa Philippí, agus ar an slígh dhó do cheistigh sé a dheisgiobuil agus dubhairt sé: [2]Dar leis na daoine cé h‑é mise? 28Agus d’fhreagradar é agus dubhradar: Eóin Baiste; agus dar le tuille, Elias; agus dar le tuille, aon de sna fáidhibh. 29Ansan dubhairt sé leó: Ach dar libh-se cé h‑é me? Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt: Is tusa Críost. 30Agus thug sé foláramh dóibh gan a dh’innsint d’aoinne ’n‑a thaobh.

31Agus chrom sé ar a theagasg dóibh nár bhfoláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus na seanóirí ’ghá shéanadh, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí; agus go gcurfaí chun báis é, agus tar éis trí lá go n‑eíreóchadh sé ó’n mbás. 32Agus do labhair sé an chaint go soiléir. Agus do rug Peadar air agus do chrom sé ar chur ’n‑a choinnibh. 33Ach d’iompuigh seisean agus d’fhéach sé ar a dheisgiobulaibh, agus do labhair sé