Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/122

This page has been proofread.
112
Caib. IX. 20
MARCUS

chómh luath agus chonaic sé é d’oibrigh an deamhan ann, agus thuit sé ar an dtalamh ’ghá iomlosg féin agus cúbhar leis. 20Agus d’fhiafraigh sé de’n athair: Cad é an fhaid aimsire atá ó thárla so dhó? Agus dubhairt seisean: Ó bhí sé ’n‑a leanbh; 21Agus is minic a chaith sé sa teine é, agus sa n‑uisge, chun é mharbhú; ach má tá sé ar do chumas i n‑aon chor, dein trócaire orainn agus fóir orainn. 22Agus dubhairt Íosa leis: Má’s féidir leat creideamhaint, tá gach nídh ar chumas an t‑é a chreideann. 23Agus, láithreach, do sgread athair an bhuachalla, agus na deóra leis: Creidim, a Thighearna: fóir m’easba creidimh. 24Agus nuair a chonaic Íosa an tsluagh ag cruinniú do smachtuigh sé an annsprid truaillighthe, agus dubhairt: A annsprid bhodhar, bhalbh, órduighim duit imtheacht amach as san, agus gan teacht isteach ann airís. 25Agus do sgread sé, agus d’oibrigh sé é go h‑ana-dhian, agus d’imthigh sé amach as; agus bhí sé mar a bheadh sé marbh, i dtreó go ndubhairt a lán: Tá sé marbh. 26Ach do rug Íosa ar láimh air, agus do thóg sé suas é; agus d’eirigh sé. 27Agus nuair a chuaidh sé isteach sa tigh d’fhiafraigh a dheisgiobuil dé, a gan fhios: Cad ’n‑a thaobh nár fhéadamair-ne é chur amach? 28Agus dubhairt sé leó: Ní féidir do’n sórd san dul amach le h‑aon nídh ach le h‑úrnuighthe agus le trosgadh.


29Agus d’imthigheadar ó’n áit sin, agus chuadar tríd an nGaililí; agus níor bh’áil leis a fhios a bheith ag aoinne. 30Agus bhí sé ag teagasg a dheisgiobul, agus ’ghá rádh leó: Tabharfar Mac an Duine i lámhaibh daoine, agus cuirfid siad chun báis é, agus tar éis a mharbhuighthe eireóchaidh sé an treas lá. 31Ach níor thuigeadar an chaint, agus bhí sgáth ortha é cheistiú. 32Agus thánadar go Capharnaum. Agus nuair a bhíodar sa tigh d’fhiafraigh sé dhíobh: Cad a bhí ar siubhal agaibh fan bhóthair? 33Agus níor labhradar; óir bhíodar ag diospóireacht, fan bhóthair, féachaint cé ’cu dhíobh ba mhó.

34Agus do shuidh sé, agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus dubhairt sé leó: Má’s mian le h‑aoinne bheith i n’fhear thosaigh, isé a bheidh ar deire ar fad, agus ’n‑a sheirbhíseach ag cách. 35Agus do rug sé ar leanbh, agus