Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/124

This page has been proofread.
114
Caib. X. 1
MARCUS


CAIBIDIOL X.

Nídh dosgaoilte an pósadh. Nídh contabhartach an saidhbhreas. Árdmhian chlainne Sebedé. Radharc á thabhairt do dhall.


1Agus d’fhág sé an áit sin, agus tháinig sé go críochaibh Iúdaéa, lastall de’n Iórdan, agus bhailigh na daoine chuige airís. Agus mar ba ghnáth leis, do theagaisg sé airís iad. 2Agus tháinig na Fairisínigh agus chuireadar an cheist chuige, ’ghá thriail: An dleaghthach do dhuine a bhean phósta do chur uaidh? 3Agus ’ghá bhfreagradh dubhairt sé: Cad a dh’órduigh Maois daoibh? 4Agus dubhradar: [1]Do cheaduigh Maois litir imtheachta do sgrí dhi agus i chur chun siubhail. 5Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: Mar gheall ar dhúire bhúr gcroidhe iseadh do sgríbh sé an aithne sin daoíbh-se. 6I dtusach, ámhthach, [2]do chruthuigh Dia iad firean agus bainean: 7Mar gheall air sin [3]fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n‑a mhnaoi, 8[4]Agus beid siad ’n‑a mbeirt i n‑aon fheóil: I gcás nách dhá fheóil iad feasda ach aon fheóil amháin. 9Dá bhrígh sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é.

10Agus ’n‑a dhiaidh san, sa tigh, do cheistigh a dheisgiobuil é ar an nídh gcéadna; 11Agus dubhairt sé leó: Aon duine chuirfidh uaidh a bhean agus do phósfaidh bean eile, deineann sé adhaltranas ’n‑a coinnibh. 12Agus má chuireann bean a fear uaithi agus fear eile do phósadh, deineann sí adhaltranas.

13Agus bhíodar ag tabhairt na leanbh chuige chun go gcuirfeadh sé a lámh ortha. Agus bhí na deisgiobuil ag cosg na ndaoine a bhí ’ghá dtabhairt chuige. 14Agus chonaic Íosa iad, agus ghlac sé díombádh, agus dubhairt sé leó: Leigidh chúgham na leanbhaí, agus ná bídhidh ghá gcosg, óir is d’á leithéidí sin flathas Dé. 15Go deimhin a deirim libh, an t‑é ná glacfaidh rígheacht Dé ar nós leinbh, ní raghaidh sé isteach ann. 16Agus do ghlac sé chuige in’ ucht iad, agus chuir sé a lámha ortha, agus bheannuigh sé iad.

  1. Deut. xxiv. 1.
  2. Gen. i. 27.
  3. Gen. ii. 24; 1 Cor. vii. 10.
  4. 1 Cor. vi. 16.