Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/125

This page has been proofread.
Caib. X. 17
115
MARCUS

17Agus chuaidh sé amach ar an mbóthar, agus do rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh ’n‑a láthair, agus d’fhiafraigh sé dhe: A Mháighistir mhaith, cad a dhéanfad ionus go mbeadh an bheatha shíoruidhe agam? 18Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige dhuit maith do thabhairt orm? Ní maith aoinne ach Dia amháin.[* 1] 19Is eól duit na h‑aitheanta: [1]Ná dein drúis, Ná dein marbhú, Ná dein guid, Ná dein fiadhnaise bhréige, Ná dein feall, Tabhair onóir do t’athair agus do d’mháthair. 20Agus d’fhreagair an duine agus dubhairt sé: A Mháighistir, táid na neithe sin go léir coimeádta agam ó m’óige. 21Ansan d’fhéach Íosa air, agus thug sé grádh dhó, agus dubhairt sé leis: Tá aon nídh amháin i n‑easnamh ort: imthigh agus díol a bhfuil agat agus tabhair dos na bochtaibh é, agus beidh saidhbhreas ar neamh agat; agus tar agus lean mise. 22Agus do chuir an chaint sin buairt ar an nduine, agus d’imthigh sé fé bhrón; mar duine ab eadh é go raibh a lán saidhbhris aige.

23Agus d’fhéach Íosa ’n‑a thímpal agus dubhairt sé le n‑a dheisgiobuil: Nách deacair do lucht saidhbhris dul isteach i rígheacht Dé! 24Agus do chuir a chaint uathbhás ar na deisgiobuil. Ach d’fhreagair Íosa airís, agus dubhairt sé leó: A chlann ó, nách deacair do dhaoine go bhfuil a mainighín a’ saidhbhreas dul isteach i rígheacht Dé! 25Is usa do chamal dul tré chró snáthaide ’ná do dhuine shaidhbhir dul isteach i rígheacht Dé. 26Agus is amhlaidh a mhéaduigh an iongna ortha, agus dubhradar eatartha féin: Má seadh cé fhéadfaidh dul saor? 27Agus d’fhéach Íosa ortha, agus dubhairt: Ní’l san ar chumas daoine, ach tá sé ar chumas Dé; óir is féidir le Dia gach nídh a dhéanamh.

28Agus do chrom Peadar ar a rádh: Féach, d’fhágamair-ne gach aon rud agus do leanamair tusa. 29Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt. Go deimhin adeirim-se libh-se, níl aon duine a dh’fhágfaidh a thigh, ná a dhritháracha, ná a dhriféaracha, ná a athair ná a mháthair, ná a

  1. Exod. xx. 13.
  1. Ver. 18, “Ní maith aoinne ach Dia amháin,” .i. Ní maith aoinne ann féin, go h‑iomlán, agus ’n‑a bhithinn féin, ach Dia amháin. Má’s maith aon duine is tré mhaitheas Dé is maith é.