Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/126

This page has been proofread.
116
Caib. X. 30
MARCUS

chlann, ná a chuid tailimh, ar mo shon-sa agus ar son an tsoisgéil, 30Ná faighidh a chéad oiread sa n‑aimsir seo anois, tighthe, agus dritháracha agus driféaracha, agus máithreacha, agus clann, agus talamh, mar aon le crádh; agus an bheatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le teacht. 31Óir [1]beidh mórán d’á bhfuil ar tusach ar deire, agus d’á bhfuil ar deire ar tusach.


32Agus bhíodar ar an slígh ag dul suas go Ierúsalem; agus bhí Íosa rómpa amach, agus bhí iongna ortha, agus bhíodar ag teacht ’n‑a dhiaidh agus eagal ortha. Agus do tog ré an dáréag airís, agus chrom sé ar a dh’innsínt dóibh cad a bhí le tuitim amach dó: 33Féach, táimíd ag dhul suas go Ierúsalem, agus tabharfar Mac an Dúine suas d’uachtaránaibh na sagart, agus do sna Sgríbhneóiribh, agus dos na seanóiribh, agus daorfaid siad chun báis é, agus tabharfaid siad suas do sna geintibh é; 34Agus déanfaid siad magadh faoi, agus caithfid siad seilí air, agus sgiúrsálfaid siad é, agus marbhóchaid siad é; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.

35Agus tháinig chuige Séamus agus Eóin, clann Sebedé, agus dubhradar: A Mháighistir, is mian linn go ndéanfá dhúinn pé nídh a dh’iarrfimíd ort. 36Agus dubhairt seisean leó: Cad ba mhaith libh a dhéanfainn daoibh? 37Agus dubhradar-san: Tabhair dúinn go suidhfeadh duine againn ar do láimh dheis, agus an duine eile ar do láimh chlé, ad’ ghlóire. 38Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní h‑eól daoibh cad tá agaibh ’á iarraidh. An féidir libh an chailís a dh’ól atá agam-sa ’á dh’ól, nó sibh a bhaisteadh sa bhaisteadh seo i n‑a bhfuilim-se am’ bhaisteadh? 39Agus dubhradar: Is féidir. Agus dubhairt Íosa leó: Is fíor go n‑ólfaidh sibh an chailís atá agam-sa d’á ól, agus go mbaistfar sibh sa bhaisteadh ’n‑a mbaistear mise: 40Ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní h‑agam atá san a thabhairt daoibh, ach do’n mhuintir go bhfuil sé ceapaithe dhóibh.

41Agus nuair airigh an deichniúbhar é thosnuigh fearg ar theacht ortha chun Séamuis agus chun Eóin. 42Ach do