Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/129

This page has been proofread.
Caib. XI. 16
119
MARCUS

as, agus ar na bórdaibh a leagadh ar lucht an airgid do shóinseáil, agus ar na cathaoireacha do leagadh ar lucht na gcolúr a dhíol. 16Agus ní lamhálfadh sé d’aoinne árthach a bhreith leis tríd an dteampul. 17Agus bhí sé ag teagasg, agus dubhairt sé leó: Ná fuil sgríobhtha: [1]Tabharfar tigh chun úrnuighthe do sna geintibh go léir ar mo thigh-se? Ach tá cuinigéar bitheamhnach déanta agaibh-se dhe. 18Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag éisteacht leis, agus bhíodar ag machtnamh féachaint conus a thiocfaidís ar é mharbhú; óir bhí eagla acu roimis, mar bhí na daoine go léir ag déanamh iongna d’á theagasg.

19Agus nuair a tháinig an tráthnóna d’imthigh sé amach as an gcathair.

20Agus nuair a bhíodar ag gabháil thar an áit ar maidin chonacadar an crann fíge agus é feóchta go préamhachaibh. 21Agus chuímhnigh Peadar, agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, an crann fíge gur chuiris an mhallacht air, féach, tá sé feóchta. 22Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Bíodh creideamh Dé agaibh. 23Go deimhin a deirim libh, an t‑é a déarfaidh leis an gcnoc so: Tógtar thu agus caithtear sa bhfaraige thu, agus ná staonfaidh sé ’n‑a chroidhe, ach go gcreidfidh sé go ndéanfar an rud adeir sé, déanfar é dhó. 24Deirim libh d’á bhrígh sin: An uile rud ar domhan a bheidh agaibh ’á iarraidh i nbhúr n‑úrnuighthe, creididh go bhfaghaidh sibh é agus gheobhaidh sibh é. 25Agus nuair a stadfaidh sibh chun úrnuighthe dhéanamh, má bhíonn aon nídh agaibh i gcoinnibh aoinne, maithidh dó é; ionus go maithfeadh bhúr n‑Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se. 26Agus mura maithfidh sibh-se, ní lúgha ’ná mar a mhaithfidh bhúr n‑Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se.


27Agus thánadar airís go Ierúsalem. Agus nuair a bhí sé ag siubhal istigh sa teampul tháinig chuige uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí, 28Agus dubhradar leis: Cad é an t‑úghdarás atá agat chun na neithe seo do dhéanamh? agus cé thug duit an t‑úghdarás chun iad a dhéanamh? 29Agus d’fhreagair

  1. Isáias lvi. 7; Ierem. vii. 11.